Blúiríní Sainaithint Toradh Samár An Mhailp Lochlannach Acer platanoides Bíonn dhá shíol greamaithe le chéile ag an mhailp Lochlannach, agus fuadaítear iad sa ngaoth nuair a bhíonn siad aibí. Is i gcruth ‘V’ a bhíonn na síolta greamaithe, ach ní bhíonn an uillinn eatarthu chomh géar leis an gceann idir síolta an tseiceamóra (Acer pseudoplatanus). Mar chomparáid, is i líne dhíreach a bhíonn na síolta thoradh na mailpe (Acer campestre). Féach ar an bplanda seo → Úsáid Ceol Fidil An Mhailp Lochlannach Acer platanoides Cosúil leis an mhailp (Acer campestre), úsáidtear adhmad na mailpe Lochlannaí chun uirlisí ceoil a dhéanamh. Ceaptar gur as adhmad na mailpe Lochlannaí nó as adhmad na mailpe (Acer campestre) a rinne Antonio Stradivari na hIodáile na veidhlíní cáiliúla sa 17ú agus 18ú haois (d’úsáid sé sprús freisin). Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Artach-alpach Lus na Stalóg Arctostaphylos uva-ursi Is planda Artach-Alpach é lus na stalóg. Fásann sé i réigiún impholach an Leathsféir Thuaidh agus ar shuíomhanna arda níos faide ó dheas. Tá sé in ann fuacht, triomach, agus gaoth a sheasamh. Is planda annamh in Éirinn é nach bhfásann ach san iarthar agus san iarthuaisceart. Féach ar an bplanda seo → Aois An Castán Castanea sativa Is crainn fhadsaolacha iad na castáin. Is féidir leo maireachtáil ar feadh 700 bliain, agus tá aois cuid acu ársa. Tá castán ar shliabh Etna na Sicile atá idir 2,000 agus 4,000 bliain d’aois, agus tá imlíne an stoic beagnach 59m. Féach ar an bplanda seo → Inite Toradh Cnó An Castán Castanea sativa Tá na cnónna an chastáin inite—is foinse mhaith do vitimín B iad, agus tá siad ar cheann de bheagán cnónna ina bhfuil vitimín C iontu freisin. Itear na cnónna rósta go traidisiúnta le linn tréimhse na Nollag agus tá traidisiún láidir ann freisin na cnónna rósta a dhíol ar shráideanna chathracha na hEorpa nuair a bhíonn siad aibí. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Inite Dó Créachtaí Mil An Castán Castanea sativa Bhíodh an-tóir ag na Rómhánaigh ar mhil ó neachtar an chastáin, agus d’úsáidtí é chun cóireáil leighis a chur ar chréachtaí agus ar dhó craicne. Féach ar an bplanda seo → Stair Seanchas An Castán Castanea sativa Tá dhá chrann castáin ag fás in áit ar a dtugtar Cranmore, ar Bhóthar Uí Mhaoileoin i ndeisceart Bhéal Feirste. Thugtaí Orange Grove ar an áit roimhe sin mar go ndeirtí go raibh na castáin atá ann chomh mór sin, in 1690, go raibh Liam Oráiste in ann foscadh a thabhairt dá chapaill fúthu. Ba leis an luibheolaí aitheanta, John Templeton (1766-1825), an suíomh ina dhiaidh sin. Bhí sé báúil do na hÉireannaigh Aontaithe agus d’athraigh sé ainm na háite ó Orange Grove go Cranmore (Crann Mór). Féach ar an bplanda seo → Stair Seanchas An Castán Castanea sativa Tá seanchas sa mBreatain agus in Éirinn faoin Armáid Spáinneach agus an castán. Bhíodh na cnónna castáin ag mairnéalaigh Spáinneacha leis an ngalar scorbha a sheachaint. Deirtear gur ó phócaí mairnéalaigh Spáinneacha a tógadh na cnónna as a d’fhás na castáin i Croft Castle, i Herefordshire Shasana, agus gur leagtha amach mar a bhí na báid Spáinneacha agus iad ar an ionsaigh atá na crainn curtha ansin. Deirtear freisin gur ó chnó castáin, a bhí curtha le mairnéalach Spáinneach a bhí san Armáid agus a bádh amach ó chósta na hÉireann, a d’fhás castán aitheanta eile i reilig Charn an Chaistil, Co. Aontroma. Féach ar an bplanda seo → Dúchas Planda Lúsatánach An Chaithne Arbutus unedo Tá an chaithne ar cheann de bheagán crann ar an oileán seo atá aitheanta mar chrann dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Frith-Dhóiteáin An Chaithne Arbutus unedo Ceaptar go bhfuil tréithe dófhriotaíocha ag an gcaithne, agus gur buntáiste don chrann é an loscadh sléibhe, a choinníonn crainn níos airde, a bhíonn in iomaíocht leis an gcaithne, faoi smacht. Maítear gur fhulaing coillte caithne nuair a stopadh tinte sléibhe sa gceantar ina bhfásann sí. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh Bláth An Chaithne Arbutus unedo Tagann na bláthanna amach idir Meán Fómhair agus an Nollaig agus, mar go dtógann sé bliain iomlán ar an toradh theacht chun aibíochta, bíonn torthaí na bliana anuraidh ar an gcrann in éineacht le bláthanna na bliana reatha. Is tréith í seo atá uathúil i gcrainn in Éirinn. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh An Chaithne Arbutus unedo In ainneoin gur strawberry-tree atá ar an gcaithne i mBéarla, ní sútha talún a bhíonn ar an gcrann mar thorthaí, ach caora beaga. Is dath glas agus buí a bhíonn orthu ar dtús, sula dtagann dath dearg-oráiste orthu nuair a bhíonn siad aibí. Bíonn dromchla an toraidh garbh le cnaipí beaga, a bhreathnaíonn cosúil le faithní. Féach ar an bplanda seo → Dúchas Planda Lúsatánach An Chaithne Arbutus unedo Tá an chaithne i measc flóra Lúsatánach na hÉireann. Is plandaí iad seo atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain, agus atá ag fás freisin ar Mhór-roinn na hEorpa, go háirithe ar Leithinis na Ibéire. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Na Fianna An Chaithne Arbutus unedo Tá teacht na caithne go hÉirinn luaite sa mbéaloideas. Chas Oisín agus na Fianna leis na Tuatha Dé Danann in aice le Loch Léin i gCill Airne. I measc na nithe a thugadar leo ón Tír Tairngre (an áit as ar tháinig na Tuatha Dé Danann) bhí “cnó corcra agus ubhla caithne agus caora cumhra”. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Fíoghual Sudaireacht An Chaithne Arbutus unedo Tá adhmad na caithne crua agus dlúthshnáitheach, ach briosc agus éasca le scoilteadh. Níl sé feiliúnach mar adhmad tógála, ach bhaintí úsáid as mar fhioghual, agus d’úsáidtí an choirt i gceird na súdaireachta. Féach ar an bplanda seo → Ainmneacha Toradh An Chaithne Arbutus unedo Cé go bhfuil na torthaí searbh, tá siad inite. B’fhéidir gurbh é sin an chúis leis an ainm eolaíoch, unedo, a chiallaíonn “ith ceann amháin”, rud nár stop na bochtáin iad a ithe san iardheisceart. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Mion Cotoneaster microphyllus Is planda ionrach é an cainchín mion mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile tar éis don phlanda éalú ó ghairdíní. Féach ar an bplanda seo → Sainaithint Duilleog An Fhearnóg Liath Alnus incana Bíonn duilleoga ubhchruthacha le bior ar bharr na nduilleog ar an bhfearnóg liath, murab ionann agus an fhearnóg dhúchasach, a mbíonn duilleoga piorracha uirthi, le heang ar a mbarr. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Truailliú Fítileasúchán An Fhearnóg Liath Alnus incana Tá an fhearnóg liath agus an fhearnóg choiteann in ann fás i gcréafóg atá truaillithe ag miotail éagsúla. Tógann an crann na truailleáin isteach sna rútaí, agus ar an gcaoi seo ní éalaíonn siad isteach sa maoschlár. Baintear leas as an tréith seo chun talamh a bhí curtha ó mhaith ar chúiseanna éagsúla a mhíntíriú - tugtar fítileasúchán air. Mar shampla, cuirtear fearnóga ar thalamh a bhí in úsáid mar láithreán dramhaíola dó guail, nó ar thalamh a bhí loiscthe ag tinte foraoise. Féach ar an bplanda seo → Ainmneacha An Bheith Gheal Betula pendula Faigheann an bheith gheal an t-ainm pendula (san ainm eolaíoch) toisc go mbíonn cuma shilte ar an gcrann. Tugtar an bheith gheal uirthi mar gheall ar ghileacht na coirte. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Leigheas Ceimiceáin Frithailse Frith-Athlastacha An Bheith Gheal Betula pendula Is í an chomhdhúil betulin a thugann an dath bán do choirt na beithe gile. Tá sé ar cheann de na chéad substaintí nádúrtha a eascraíodh ó phlandaí. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithailse agus frith-athlastacha ag betulin, agus ceaptar go mbeadh sé éifeachtach chun cóir a chur ar shiada athlastacha. Féach ar an bplanda seo → Dáileadh An Mhailp Acer campestre Ní cheaptar go bhfuil an mhailp dúchasach in Éirinn, cé go bhfuil sí ar an oileán le roinnt céadta de bhlianta, mar atá cineál de mhailp eile, an seiceamóir (Acer pseudoplatanus). Ach, murab ionann agus an seiceamóir, níl an mhailp an-fhairsing in Éirinn. Féach ar an bplanda seo → Sainaithint Toradh Samár An Mhailp Acer campestre Bíonn scáil dhearg ar na síolta, a bhíonn i bpéirí agus ailínithe ar aghaidh a chéile ag 180° (is i gcruth ‘V’ a bhíonn na síolta ar an seiceamóir). Scaiptear sa ngaoth iad sa bhfómhar agus péacann siad tar éis 18 mí. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Ceol Fidil An Mhailp Acer campestre ]Déantar uirlisí ceoil, cláirseacha agus veidhlíní ina measc (go háirithe cúil veidhlín), as adhmad na mailpe freisin.[4] Ní fios go baileach cén speiceas de chrann a d’úsáid Antonio Stradivari chun a chuid veidhlíní clúiteacha, na stradivarii, a dhéanamh, ach is adhmad ó mhailp de chineál éigin a bhí ann—an mhailp nó an mhailp Lochlannach, ceaptar (chomh maith le hadhmad ó speicis eile crainn). Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is bláthra pirimidiúla (panacail) a fhásann go ceartingearach ar chraobhacha an chrainn cnó capaill. Bíonn dath bán orthu, seachas gur dath buí a bhíonn ar bhun na bpeiteal. Nuair a phailníonn feithidí iad athraíonn an píosa seo ón dath buí go dath dearg. Is comhartha é seo go bhfuil an bláth pailnithe, agus mar sin bogann na feithidí ar aghaidh go dtí an chéad bhláth eile. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Crann Ornáide An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Tugadh an crann cnó capaill go dtí an Bhreatain ón Tuirc sa 16ú haois, agus uaidh sin tháinig sé go hÉirinn sa 17ú haois. Cé nach bhfuil aon luach eacnamaíoch ag adhmad bog an chrainn—loghann sé go tapa agus ní dhónn sé go maith—cuireadh go forleathan anseo é mar chrann ornáide, agus is i bpáirceanna agus in eastáit mhóra na tíre, chomh maith le gairdíní príobháideacha, is mó a fheictear an crann cnó capaill inniu. Féach ar an bplanda seo → Ainmneacha Sainaithint An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Thugtaí torthaí an chrainn cnó capaill do chapaill, agus deirtear gur as sin a tháinig ainm an chrainn. Ach má bhreathnaítear go géar ar an lorg duille ar na craobhacha, feicfear go bhfágann an duilleog, a thiteann ón ngéag sa bhfómhar, lorg crú capaill ar an gcraobh, freisin. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Ceimiceáin An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Ceapadh i Sasana go gcuirfeadh na síolta a bhíonn ag an gcrann cnó capaill an ruaig ar fheithidí (leamhain agus damháin alla go háirithe). Freisin, d’úsáidtí na cnónna chun aicéatón a dhéanamh le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Dhéantaí coirdít, ábhar pléascach, as an aicéatón. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Duilleog Fiabhras Creathach An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Úsáideadh duilleoga an chrainn cnó capaill chun fiabhras creathach a leigheas in Éirinn, ach seachas sin ní léir go raibh mórán úsáid eile ag muintir an oileáin seo don chrann mar chógas leighis. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is é an baictéar Pseudomonas syringae pv aesculi is cúis leis an gcancar sceite atá ag déanamh scrios ar chrainn cnó capaill ar fud na hEorpa, agus Éireann san áireamh. Tagann leacht dorcha amach as stoc na gcrann a bhíonn ag fulaingt leis an ngalar marfach seo. Féach ar an bplanda seo → Sainaithint Duilleog An Fhearnóg Iodálach Alnus cordata Is sna duilleoga is mó gur féidir na difríochtaí a fheiceáil idir an fhearnóg choiteann agus an fhearnóg Iodálach. Bíonn dromchla uachtarach dhuilleoga na fearnóige Iodálaí lonrach agus bíonn dath glas geal orthu — i gcodarsnacht le dath neamhlonrach, níos dorcha na fearnóige coitinne. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Crann Ornáide An Fhearnóg Iodálach Alnus cordata Cuirtear an fhearnóg Iodálach go minic i ngairdíní, áit a bhfuil níos mó tóir air mar chrann ornáideach ná mar atá ar an bhfearnóg dhúchasach. Féach ar an bplanda seo → Stair Pailin An Feoras Euonymus europaeus Níl mórán eolais againn faoi stair an fheorais in Éirinn mar nach bhfásann an crann in ithir aigéadach, agus mar sin níl taifead pailine de sna portaigh. Ach, aimsíodh taifid den chrann i sil-leagan atá idir 9,200 go 7,000 bliain d’aois, a thugann le fios go raibh an planda in Éirinn le fada an lá. Níl aon taifead den chrann sa mBreatain níos luaithe ná 5,500 bliain ó shin. Féach ar an bplanda seo → Sainaithint Bláth Toradh Capsúl Aral An Feoras Euonymus europaeus Is mar gheall ar thorthaí an fheorais a bhfuil cáil ar an sceach seo. Is mar chapsúl glas le ceithre lóba a thosaíonn siad ag fás, sula dtagann scáil de mhaigeanta agus bándearg, dathanna nach bhfuil le feiceáil ar aon phlanda eile, ar na torthaí. Osclaíonn an capsúl seo idir Meán Fómhair agus Mí na Samhna chun arail oráiste na síolta a nochtadh. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht éin Síolta Toradh Nimh An Feoras Euonymus europaeus Itheann lonta dubha agus spideoga na torthaí. Bíonn dúil acu i bhfeoil an arail agus scaiptear an síol dá bharr. Ach ní itheann glasáin iad, mar gur síolta a bhíonn uathusan agus aithníonn siad go bhfuil síolta an fheorais nimhneach. Tá na torthaí marfach do chaoirigh freisin, agus ní itheann ainmhithe (seachas gabhair) na duilleoga ach an oiread. Itheann lucha an t-aral, ach fágann siad an síol ina ndiaidh. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Nimh Sainaithint Urlacach Spreagthach Tae Míoltagruaige Feithidicíd An Feoras Euonymus europaeus In ainneoin go bhfuil an feoras nimhneach, bhaintí úsáid as na torthaí mar phurgóid, urlacach, agus spreagthach don ae. D'úsáidtí torthaí an chrainn (bácáilte agus púdar déanta astu) agus coirt an chrainn chun míolta gruaige ar chloigne gasúr a mharú in Éirinn. Scaipfeadh daoine na duilleoga púdaraithe i dtithe i Somerset, Shasana, mar fheithidicíd nádúrtha. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Bioráin Sainaithint Sníomhadóireacht An Feoras Euonymus europaeus Is adhmad bán, an-chrua agus dlúth atá ag an bhfeoras[6] agus is féidir bior an-ghéar a chur air. Bhaintí leas as na tréithe seo chun uirlisí a dhéanamh, amhail bioráin cniotála, bioranna fiacla agus fearsaidí le olann a chasadh i dtionscal na sníomhadóireachta. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Gréasaíocht An Feoras Euonymus europaeus Tugtar pegwood ar adhmad an fheorais freisin mar gur as a dhéantaí pionnaí don ghréasaíocht. Ceaptar go raibh roschoillte d’fheorais bunscoite in Éirinn tráth den tsaol chun freastal ar an éileamh a bhí ann don adhmad.Dhéantaí briogúin/sáite as an adhmad freisin, agus bhíodh an-tóir ag búistéirí ar na briogúin seo mar nach gcuireann an t-adhmad blas ar bith ar an bhfeoil—thugtaí ‘skewerwood’ ar an bhfeoras sa mBreatain. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Naigíní An Feoras Euonymus europaeus Dhéantaí naigíní as an bhfeoras i gContae Luimnigh. Is soithí ar nós bairillí beaga iad seo, na cláir adhmaid coinnithe le chéile le bandaí iarainn, le clár amháin fágtha níos faide le húsáid mar láimh. D’úsáidtí iad le bláthach nó le bainne a ól. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Fíoghual Púdar An Feoras Euonymus europaeus Déantar fioghual ar ardchaighdeán —le húsáid ag ealaíontóirí — as adhmad an fheorais. Is ionann an t-ainm Fraincise don fheoras—‘fusain’—agus an t-ainm Fraincise d’fhiogual. Dar leis an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, is as adhmad an fheorais a dhéantar an fioghual d’ealaíontóirí is fearr. Dhéantaí púdar gunna as an bhfioghual freisin. Féach ar an bplanda seo → Úsáid An Feoras Euonymus europaeus D’úsáidtí codanna an chrainn chun dathú a chur ar éadach. Faightear dath dearg ó na torthaí agus dath buí nó glas (má chuirtear alúm—aluminium sulphate—leis) ó na síolta. Dhéantaí dúch do ghasúir scoile as caora oráiste an fheorais i gCo. Mhaigh Eo. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Fodlafedo An Feoras Euonymus europaeus Áiríodh an feoras in aicme íseal na coille, na fodla fedo, in éineacht le leithéidí an trom (Sambuca nigra) agus an chaithne (Arbutus unedo), ach níl mórán béaloidis faoin bhfeoras in Éirinn. Níl sé seo amhlaidh in áiteanna eile. Is meafair é do chailliúint an tsoineantais, i mbéaloideas mhór-roinn na hEorpa, méar a phriocadh trí thimpiste ar fearsaid an fheorais. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Stair Planda Téisclime Aois Oighir An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip siad go tapa ar fud an oileáin luath sa tréimhse Holaicéineach, timpeall 10,000 bliain ó shin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Planda Téisclime Nádúrtha An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Mar phlandaí téisclime, tá tréithe ag beitheanna a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom—fásann siad go tapa, tá crann amháin in ann na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, tá crainn atá 10 mbliana d’aois in ann crainn nua a shíolrú. Is minic, mar sin, go nglacann beitheanna seilbh ar thalamh briste agus tréigthe, chomh maith le ciumhaiseanna iarnróid. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Scuab Caillí An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Tugtar scuab caillí ar an meall géaga a bhreathnaíonn cosúil le nead éin agus a bhíonn le feiceáil ar chrainn éagsúla. Tá siad coitianta ar bheitheanna, agus is iondúil gurb é an fungas, Taphrina betulina, is cúis leo. De thoradh an fhungais, cailleann an ghéag an cumas chun fás rialta, struchtúrtha a dhéanamh, agus cruthaítear caithreáil géaga a fhásann i ngach treo. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Tarra Réamhstair An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Is féidir tarra a dhéanamh as coirt na beithe ach é a thriomú i dteas ard agus gan mórán aeir a scaoileadh chuige, próiseas ar a dtugtar turdhriogadh. Aimsíodh tarra beithe ar uirlisí cloiche i dTuscáin na hIodáile a rinneadh sa tréimhse Pléisticéineach (185–135,000 bliain ó shin). Féach ar an bplanda seo → Úsáid Innealra An Bheith Chlúmhach Betula pubescens bhaintí úsáid as an mbeith chun páirteanna d’innealra a dhéanamh i dtionscadal déantúsaíochta an chadáis sa mBreatain. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Dathú Olann Coirt An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Dhéantaí dathú as an mbeith. Is iondúil gur dath donn a chuirtí ar an olann le coirt na beithe, ach d’fhéadfaí dath dearg a bhaint as sraitheanna den choirt atá níos faide istigh sa gcrann Féach ar an bplanda seo → Úsáid Scuab An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Dhéantaí scuaba as an mbeith san am atá caite — cheanglaítí géaga ón mbeith agus ón bhfraoch le cois adhmaid agus d’úsáidtí seo le hurláir chréafóige na dtithe a scuabadh. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Sú Bheithe An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Déantar síoróip nó fíon as sú na beithe. Tá mianraí éagsúla sa sú seo—copar atá in ann tionchar dearfach a imirt ar an gcóras imdhíonachta, an córas atáirgthe, agus ar an gcraiceann, an ghruaig, agus na hingne. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Eachma Tae An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Is minic a luaitear i mBailiúchán na Scol coirt na beithe mar leigheas ar eachma an chraicinn. Déantar ceirnín de ar an gcraiceann nó bruitear in uisce é agus óltar an tae sin. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Scoilteacha Eachma Airtríteas An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Meascadh na duilleoga le tuirpintín chun scoilteacha a leigheas, agus, mar aon leis an eachma, feiceann eolaithe go bhfuil duilleoga na beithe in ann limficítí athlastacha (is iad is cúis le airtríteas réamatóideach) a cheansú sa gcorp. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Tobar Uisce Beannaithe An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Tá cáil ar thobar amháin, i mBáinseach Thiobrad Árann, atá timpeallaithe ag beitheanna. De réir an tseanchais áitiúil, ní dhóigh adhmad na gcrann seo agus ní fhiuchadh uisce an tobair. Is leigheas do ghalracha agus tinnis éagsúla an t-uisce, ach é a ól. Féach ar an bplanda seo → Ainmneacha An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Maítear go dtagann an focal ‘beith’ ón bhfocal Gaillise don chrann, 'betu', agus go bhfuil gaol aige leis an bhfocal 'bitumen'. Dhéantaí tarra as coirt an chrainn atá cosúil le biotúman. Féach ar an bplanda seo → Logainmneacha An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Tá ainm na beithe le feiceáil i logainmneacha éagsúla ar fud na tíre—Gleann Beithe i gCiarraí agus Achadh Bheithe i gContae Fhear Manach ina measc. Tá Doire Bheithe i gContae Longfoirt agus Díseart Beitheach i gContae Laoise. Scaití, faightear leagan firinscneach den ainm sna logainmneacha, mar shampla Gleann an Bheithe i dTír Chonaill agus Gort an Bheithe i gContae an Chláir. Uaireanta eile, is leagan baininscneach a bhíonn luaite le háit, mar shampla Bealach na Beithe, Contae Liatroma. Féach ar an bplanda seo → Sainaithint Deilgní An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Tá cosúlachtaí idir an ghiolcach shléibhe agus an t-aiteann (Ulex spp.), ach ní planda deilgneach í an ghiolcach shléibhe. Bíonn na géaga fada, glas, agus eiteach. Is duilleoga trídhuilleacha, le duillíní lansacha, a bhíonn ar an bplanda. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Scuab An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Ciallaíonn scoparius, san ainm eolaíoch atá ar an ghiolcach shléibhe, 'scuab' agus d’úsáidtí géaga na giolcaí sléibhe chun urláir a scuabadh. Is uaidh seo a fhaigheann sé an t-ainm Béarla, broom. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Scoilteacha Casacht Fuilsroine Duáin Slaghdán Tae Tinneascinn íorpais An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Cosúil leis an aiteann, is iomaí leigheas a cheaptaí a bhí sa ngiolcach shléibhe. De réir an tseanchais, bhí leigheas inti do chasacht, at (uisce bruite na nduilleog a ól), fuil sróine (tae an phlanda a ól), na duáin, scoilteacha (uisce feochta na nduilleog a chuimilt ar an gcorp), slaghdán, tinnis duáin agus ae (an fréamh a úsáid), pian sa mbolg, íorpais (in éineacht le caisearbhán (Taraxacum spp.) agus an t-aiteal (Juniperus communis), agus tinneas cinn. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Duáin Péisteanna Ainmhithe An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Leigheas do na duáin ab ea an ghiolcach shléibhe an fhraochóg (Vaccinium myrtillus), an cogal (Agrostemma githago), agus an giolcach shléibhe a bhruith le salann agus siúcra. D’óltaí an deoch chuile mhaidin ar feadh 9 lá i ndiaidh a chéile.[8] Amhail an t-aiteann, thugtaí an ghiolcach shléibhe d’ainmhithe freisin le péisteanna agus galracha eile a leigheas. Féach ar an bplanda seo → Ainmneacha An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Thugtaí an t-ainm Laidine planta genista ar an ngiolcach shléibhe ar Mhór-roinn na hEorpa, agus is é a bhí mar shuaitheantas araltais ag clann ríoga in Anjou na Fraince sna Meánaoiseanna. Is mar gheall ar sin a shocraigh siad Plantagenet a thabhairt orthu féin, agus bhí siad i gceannas ar Shasana, agus cuid den oileán seo, ó 1154 go 1485. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Toradh Ceiltigh An Coll Corylus avellana Deirtear, i mbéaloideas na gCeilteach, go raibh eolas na cruinne sna craobhacha a bhí ar an gcéad choll, a d’fhás in aice le tobar an eolais. Is nuair a d’ith an bradán feasa cnónna a thit ón gcrann isteach sa tobar a shealbhaigh an t-iasc sin eolas na cruinne. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg Foraois Bháistí Atlantaigh Collchoill An Coll Corylus avellana Is gnáthóg uathúil í an choill choill (nó collchoill) Atlantaigh, clampaí nó coillearnach de chrainn choill atá suite i dtírdhreach clochach, gar don fharraige, i réigiúin le haeráid mheasartha, fhliuch. Tá siad le fáil in oirthear Chontae na Gaillimhe agus sa mBoirinn. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ceimiceáin Cosaint Feithidí An Coll Corylus avellana Bíonn scáil dhearg ar luath-dhuilleoga an choill, sula dtagann dath glas orthu níos deireanaí sa séasúr. Ceaptar gur ceimiceáin ar leith, anthocyanins, is cúis leis seo. Tugann siad cosaint do na duilleoga óga leochaileacha ón damáiste a dhéanann an iomarca de sholas na gréine. Cosnaíonn na ceimiceáin seo an duilleog ó fheithidí a bhíonn ag iarraidh iad a ithe, freisin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Catkin Bláth An Coll Corylus avellana Bíonn an caitín baineann an choill an-bheag agus suite ar an ngéag os cionn na mbláthanna fireanna, le nach ndéantar féin-phailniú. Breathnaíonn na caitíní seo cosúil le bachlóga beaga glasa. Bíonn roinnt bláthanna baineanna istigh i ngach caitín, le stíleanna gearra dearga ag teacht amach as gach ceann acu. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh Scaipeadh Síolta An Coll Corylus avellana Is cnónna coill (nó collchnó) iad na torthaí agus fásann idir ceann agus ceithre cinn le chéile ar an ngéag. Clúdaíonn crotal glas duilleogach (ar a dtugtar tiomchla) trí cheathrú cuid de gach cnó. Tagann dath donn ar na cnónna sa bhfómhar nuair a bhíonn siad aibí agus titeann siad den chraobh. Itheann éin, luchain, agus ioraí rua na cnónna. Féach ar an bplanda seo → Úsáid An Coll Corylus avellana Tá na collchnónna inite i measc na gcnónna is mó tóir sa domhan. Is foinse mhaith saille (beagnach 70% i saothróga éagsúla) agus próitéine iad. Tá vitimíní tábhachtacha iontu freisin, vitimín E (don chóras imdhíonachta) agus vitimín B9 (go maith don fhuil) san áireamh. Is foinse mhaith ghairbhsí iad freisin. Maítear gurb iad collchnónna an fhoinse bhia plandabhunaithe ab fhairsinge, agus ab fhearr ó thaobh cothaithaigh de, a bhí ar fáil i gcoillte na hÉireann d’fhiagaithe cnuasaitheoirí le linn na tréimhse réamhstairiúla. Féach ar an bplanda seo → Stair An Coll Corylus avellana Bhí an coll i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn timpeall 10,000 bliain ó shin. Scaip sé go tréan, agus 1,000 bliain ina dhiaidh sin bhí an tír brataithe le collmhuineacha.[11] Aimsíodh iarsmaí de chollchnónna, i dtithe Méisiliteacha atá 9,000 bliain d’aois, i gCúil Raithin, Contae Dhoire. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Caoladóireacht Bunscoitheadh An Coll Corylus avellana Ba mhór an tábhacht a bhí le crainn choill in Éirinn, go háirithe i dtionscal na caoladóireachta. Is féidir an coll a bhunscoitheadh—na géaga a ghearradh in íochtar, gar don talamh, le go bhfásfaidh meatháin ar ais níos tréine an bhliain dár gcionn. Bíonn géaga an choill láidir, solúbtha, agus éasca le scoilteadh. Is as caolach coille—ina mbíonn na géaga fite go dlúth lena chéile—a dhéantaí sconsaí chun ainmhithe a choinneáil istigh, chomh maith le díonta agus ballaí tí. Dhéantaí ciseoga, ciseáin, agus potaí gliomaigh as géaga coille. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Caoladóireacht Bunscoitheadh An Coll Corylus avellana Ní gá go gcailltear crann má ghearrtar an stoc. Tá cineálacha crainn ann a fhásfaidh meatháin nua ón áit a ghearrtar iad. Is minic go mbíonn na meatháin seo caol, díreach, ar aon mhéid lena chéile agus an-úsáideach. Má ghearrtar na géaga seo gar don talamh, le himeacht aimsire fásfaidh meatháin nua ón stoc agus tosóidh an timthriall arís. Is bunscoitheadh a thugtar ar an gcleachtas seo. Is cleachtas ársa é seo atá linn ón tréimhse Neoiliteach.Is iomaí crann dúchasach in Éirinn a ghlacann le bunscoitheadh. Chomh maith leis an gcoll, dhéantaí é ar an tsaileach, an fhearnóg, an leamhán, an fhuinseog, an dair, an bheith agus an crann fia-úll. Féach ar an bplanda seo → Stair Ceiltigh An Coll Corylus avellana Ba mhinic do na Ceiltigh ársa ainmneacha pearsanta a bheith acu bunaithe ar ainmneacha na gcrann. De réir an tseanchais, bhí Mac Cuill (ainmnithe in ómós don choill) mar cheann de thriúr deartháireacha, le Mac Gréine agus Mac Cecht, sna Tuatha Dé Danann. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Bns Cosaint in aghaidh Oilc Síoga An Coll Corylus avellana Bhí cáil freisin ar an gcoll mar chrann a bhí cumhachtach. Ceapadh nach bhféadfadh na ‘daoine maithe’ aon dochar a dhéanamh do dhuine a bheadh maide coill (nó burla de ghéaga)ina lámh acu.“Is ceart maide choll a bheith i na láimh ag aoinne dul amach san oidhche, mar má buaileann aon droch nídh leat, cuirfidh an coll an rith ortha.” Féach ar an bplanda seo → Seanchas Leigheas An Coll Corylus avellana Bhí cumhachtaí leighis ag an gcrann freisin “téirigh amach le láidhe ag rómhair faoi chrann coll, agus déanfaidh sé leas do'n chos” a moltar i gContae na Gaillimhe do chois tinn. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Collóireacht An Coll Corylus avellana Tá an ainm an choill le feiceáil sa bhfocal ‘collóireacht’, an phisreog a bhí (agus atá fós) ann chun uisce a aimsiú faoi thalamh. D’úsáidtí gabhlóg coill (géag coill le gabhal ann) leis an uisce a aimsiú. Ní uisce amháin a d’aimseofá le gabhlóg choill. Bhí collóir críonna ó Chontae Liatroma in ann gual, ór, agus fiú ola a aimsiú, ag brath ar cén treo a bhogadh an ghabhlóg. Féach ar an bplanda seo → Ainmneacha An Coll Corylus avellana Is iomaí logainm in Éirinn leis an bhfocal coll iontu. Tá Eachaire Collchoille i gContae Muineacháin agus Baile Coill i gContae Mhaigh Eo. Ceaptar gur ón gcoll a tháinig Caillteanán i gContae Shligigh, Cúil Damhnata i gContae Muineacháin, agus Calaros i gContae Chiarraí, i measc iliomad logainmneacha eile in Éirinn a bhfuil lorg an chrainn sin orthu. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Gabhrán Clematis vitalba Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Féach ar an bplanda seo → Inite Peiteal Bláth Cumhrán An Fheirdhris Rosa canina Tá peitil rósanna inite. Is féidir iad a úsáid i sailéid, i gcácaí agus i milseoga. Úsáidtear rósuisce, déanta as peitil dhriogtha, mar bhlasóir i ndeochanna éagsúla. Déantar cumhráin as bláthanna an róis, freisin. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Fainic An Briúlán Rosa spinosissima Níor mhór mogóirí rósanna a scagadh go cúramach chun na síolta clúmhacha a ghearradh amach. Déantar púdar tochais as na síolta céanna mar gheall ar chomh dian ar an gcraiceann a bhíonn ribí gruaige na síolta. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Is sna 1980idí agus 1990idí a thosaigh an planda ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Féileacáin Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Bíonn boladh láidir ó bhláthanna thor an fhéileacáin a mheallann feithidí, go háirithe féileacáin, chun iad a phailniú. Is mar gheall air seo a thugtar tor an fhéileacáin air. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh Éin An Trom Sambucus nigra Mar go n-aibíonn torthaí an troim roimh chrainn eile, itheann níos mó éan—smólaigh agus druideanna san áireamh—torthaí an phlanda seo ná aon chrann eile. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Seanchas Gnáthóg Lonnú Mallacht An Trom Sambucus nigra Fásann an trom go maith in áiteanna ina bhfuil an chréafóg saibhrithe le nítrigin, go minic ó fhuíoll daoine nó ainmhithe. Mar sin, is timpeall ar fhothracha go minic a fheictear an sceach ag fás. Is amhlaidh a bhíonn sé le neantóga, planda eile a thaitníonn nítrigin leo. Deirtear faoi áiteanna mar seo, de réir údar ón 9ú haois, “Trí comartha ldthraig mallachtan: tromm, tragna, nenaid”, (trí chomhartha d’áit mallaithe: trom, traonach, neantóg). Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg Coiníní An Trom Sambucus nigra Tá síológa troim i measc líon beag plandaí nach n-itheann coiníní, agus is minic go bhfásann sceacha troim timpeall ar choinicéir coiníní freisin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Úsáid Cosaint Nimh Éarthach Feithidí An Trom Sambucus nigra Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, i nduilleoga agus i ngas an troim. Seachnaíonn feithidí an sceach agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí. Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Fuil Sróine An Trom Sambucus nigra Le fuil sróine a leigheas i gContae Chiarraí, chuirfeá an chréafóg faoi sceach troim ar an tsrón. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Dathú Dathú (Gorm) An Trom Sambucus nigra Rinneadh dathú gorm leis an trom. Féach ar an bplanda seo → Stair Uirlisí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Aimsíodh lámh oirnéise déanta as adhmad an tseiceamóra i gContae na Mí, atá idir 1,400 agus 1,000 bliain d’aois. Ní fianaise é sin go raibh an seiceamóir ag fás in Éirinn, ach tá an seiceamóir in Éirinn le os cionn 400 bliain, mar go bhfuil fianaise ann go raibh siad ag fás i nDoire in 1610. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Fásfaidh an seiceamóir i ngach cineál créafóige. Tá sé ar cheann de na crainnte neamhdhúchasacha is cruaite, agus ní chuireann mórán galar as dó ach an oiread. Tá sé in ann gaoth láidir agus sáile a sheasamh, agus tá sé ar cheann de bheagán crann a fhásann go maith ar chósta feannta an iarthair. Féach ar an bplanda seo → Sainaithint Cineál Planda Duilleog An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is dath glas dorcha a bhíonn ar an taobh uachtarach ar dhuilleog an tseiceamóra. Is iondúil go mbíonn siad níos gile ar thaobh íochtarach na duilleoige, ach tá saothróga ann (var. purpureum) a bhfuil dath corcra ar thaobh íochtarach na nduilleog. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Bláth Raicéim Samár An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tagann raicéimí de bhláthanna buíghlasa, a chrochann anuas ón ngéag, ar an seiceamóir i mí Aibreán. Pailníonn feithidí iad—bíonn iliomad meachain faoin gcrann ag tús an tsamhraidh. Is samáir (síolta beaga sciathánacha) iad na torthaí agus bíonn go leor ar gach crann—d’fhéadfadh gach go mbeadh 30 toradh ar gach raicéim, agus os cionn 800 raicéim ar gach crann. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh Samár Scaipeadh Síolta An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Titeann na síolta go talamh sa bhfómhar, ag síorchasadh sa ngaoth agus iad ag titim. Má bheireann an ghaoth orthu i gceart, is féidir leo titim i bhfad ón gcrann. Go hiondúil, is i bhfoisceacht de 200 m den chrann a bhuailfidh siad an talamh, ach i gcásanna áirithe, is féidir leo taisteal go 4 km ón gcrann. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Éin Beach Féileacáin Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tá droch-cháil ar an seiceamóir in Éirinn mar gur crann neamhdhúchasach é ach cuireann an crann bia ar fáil do raon leathan feithidí agus éan. Itheann bratóga na duilleoga, éin na síolta, feithidí an choirt, agus meachain agus pailneoirí eile neachtar na mbláthanna. Déanann éin neadracha sna craobhacha, agus déanann bóíní Dé, féileacáin agus ciaróga baile dóibh féin sa gcrann, freisin. Fásann fungais dhifriúla in adhmad lofa an tseiceamóra, chomh maith Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Aifidí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Maireann an aifid bheag ghlas, Drepanosiphum platanoidis ar dhuilleoga an tseiceamóra. Is iad is cúis leis an drúichtín meala greamaitheach a bhíonn ar na duilleoga. Cé gur feithidí beaga iad, d’fheadfadh dhá mhilliún de na míolta beaga a bheith ag maireachtáil ar aon chrann amháin. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Ceol Cruit Fidil An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Glacann adhmad an tseiceamóra go maith le gal-lúbadh, agus chuige sin is adhmad maith é chun veidhlíní a dhéanamh, i measc uirlisí ceoil eile. Cé gur iondúil go n-úsáidtí adhmad na saileach (Salix spp.) chun cruiteanna a dhéanamh, is as an seiceamóir atá cláirseach ársa a chas Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin déanta. Féach ar an bplanda seo → Seanchas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Cé gur fuinseoga agus sceacha geala a bhí i bhformhór na gcrann ceirteach in Éirinn, is seiceamóir a bhí sa gcrann ceirteach i gCluain Eidhneach, Co. Laoise. Dhearfadh duine paidir nó dhéanaidís mian a chur in iúl, sula gcrochtaí píosa d’éadach ar an gcrann. Ach tháinig athrú ar iompar an phobail agus in áit éadach a chrochadh ar an gcrann, bhíodar ag bualadh boinn inti sna 1990idí, nó gur bhásaigh an crann le nimhiú miotail in 1994. Féach ar an bplanda seo → Ainmneacha An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tugtar Acer pseudoplatanus ar an seiceamóir san ainm eolaíoch mar go bhfuil cosúlachtaí idir dhuilleoga an tseiceamóra agus na duilleoga a bhíonn ar chrainn phlána atá sa ngéineas Platanus, cosúil le plána Londan (Platanus hispanica), crann atá fairsing in Éirinn. Tugann Meiricánaigh ’sycamore’ ar an gcrann, Platanus occidentalis, a fhásann i Meiriceá Thuaidh. Is 'sycamore’, freisin, a thugtar ar an Ficus sycomorus, crann figí a fhásann san Áis agus san Afraic. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ball Tarra Truailliú Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is minic go bhfeictear spotaí dubha ar dhuilleoga an tseiceamóra in Éirinn. Tugtar an tar spot fungus ar an bhfungas is cúis leo, Rhytisma acerinum. Ní dhéanann an t-ionfhabhtú seo dochar don chrann. Tá an fungas seo leochaileach do dhé-ocsaíd sulfair (SO₂), truailleán aeir a bhíonn coitianta i gceantair uirbeacha. Chuige sin, is níos minice a fheictear na spotaí dubh ar dhuilleoga an tseiceamóra i gceantair le haer glan. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Balla Contoneaster horizontalis Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca (bíonn an-tóir ag éin sna torthaí dearga) agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Cosaint in aghaidh Oilc An Caorthann Sorbus aucuparia Chuirtí an caorthann go minic timpeall ar thithe cónaithe chun cosaint a thabhairt don teaghlach in aghaidh oilc, agus is minic a fheictear an crann fós ag fás timpeall ar fhothracha in iarthar na tíre. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Scaipeadh Síolta Éin Feithidí An Caorthann Sorbus aucuparia Itheann bratóga leamhan duilleoga an chaorthainn agus is iomaí cineál éan (lonta dubha agus smólaigh, ach go háirithe) a itheann caora an chaorthainn, agus ag scaipeadh an chrainn dá thoradh sin. Féach ar an bplanda seo → An Caorthann Sorbus aucuparia Bíonn caora an chaorthainn searbh, fiú agus iad aibí, ach is léir go mbíonn siad níos deise tar éis seaca. Bhídís fós á mbailiú mar bhia in Éirinn sa 17ú haois. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Buinneach Scornach Tinn Scorbha An Caorthann Sorbus aucuparia Tá polaifeanóil i gcaora an chaorthainn, ceimiceáin le tréithe frithfhungasacha agus frithbhaictéareacha.[8] Ní haon ionadh, mar sin, go mbaintí úsáid as na torthaí ar fud na hEorpa chun buinneach, scornach tinn agus scorbha a leigheas. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Scoilteacha Plúchadh Súile Casacht An Caorthann Sorbus aucuparia In Éirinn, d’úsáidtí duilleoga an chaorthainn, fiuchta in uisce, chun na scoilteacha a mhaolú, agus deirtear go raibh deatach na nduilleog dóite go maith don phlúchadh.Thógtaí an choirt do chasacht, agus na duilleoga mar cheirín do shúile tinne, agus d’ití na caora le fáil réidh le péisteanna. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Cosaint in aghaidh Oilc An Caorthann Sorbus aucuparia Bhí cáil ar an gcaorthann in Éirinn mar chrann osnádúrtha le cumhachtaí a thug cosaint in aghaidh rudaí olca (deamhain, cailleacha agus a leithéid). B’fhéidir go raibh baint ag dath dearg na gcaora leis seo—ceapadh gur dath maith a bhí ann mar chosaint in aghaidh oilc. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Cosaint in aghaidh Oilc An Caorthann Sorbus aucuparia Chuirtí craobhacha an chaorthainn ar leic na bhfuinneog agus na doirse le linn Lá Bealtaine le cosaint a thabhairt don teaghlach. Féach ar an bplanda seo → Sainaithint Duilleog Bláth An Sceach Gheal Crataegus monogyna Tagann bláth ar an sceach gheal tar éis d'oscailt na nduilleog, tagann bláth ar an draighean (Prunus spinosa) sula n-osclaíonn na duilleoga. Féach ar an bplanda seo → Inite Bia Toradh Bláth Duilleog An Sceach Gheal Crataegus monogyna Tá go leor codanna den sceach gheal inite. Dhéantaí glóthach, subhanna, stobhach torthaí le cur i gcácaí, agus fíon as na torthaí agus na bláthanna. Déantar na bláthanna a chur ar bogadh i mbranda chun licéar a dhéanamh. Dhéantaí plúr as na torthaí triomaithe agus chuirtí leis an ngnáthphlúr é chun arán a dhéanamh. Is féidir sailéid a dhéanamh de na duilleoga agus de na bláthanna, agus tae de na duilleoga. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Beithígh An Sceach Gheal Crataegus monogyna Ba leigheas a bhí sa sceach gheal ar an mbruinne dhearg, galar a bhuailfeadh beithígh san am atá caite. Chun an chóir cheart a thabhairt, dhéantaí codanna den sceach a bhruith agus an leacht a thabhairt don bhó. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Plúchadh Buinneach Támhachán Easuan Codladh An Sceach Gheal Crataegus monogyna D’úsáidtí an sceach gheal chun cóir leighis a chur ar dhaoine freisin. D’úsáid daoine é chun plúchadh, buinneach, breoiteachtaí a bhain le máilín an domlais a leigheas, agus mar thámhachán d’easuan. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Draíocht An Sceach Gheal Crataegus monogyna Is ag fás leo féin a bhíodh crainn go minic mar go raibh faitíos ar dhaoine iad a ghearradh. Bhí draíocht agus siombalachas an chrainn chomh mór in aigne an phobail gur cuireadh bóithre nua ar mhalairt treo chun gearradh na gcrann a sheachaint. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Ádh Mí-ádh An Sceach Gheal Crataegus monogyna Bhí ádh agus mí-ádh ag dul don sceach gheal. Ba droch-chomhartha é craobh den sceach a thabhairt isteach sa teach i mBaile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí, go háirithe agus é faoi bhláth. Ach Lá Bealtaine i gCeann Trá sa gcontae céanna thugtaí an sceach gheal isteach, d'fhuichtaí é, agus thugtaí an leacht d'ainmhithe dá mbeadh galar orthu. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Mí-ádh Bolgach Ceimiceáin An Sceach Gheal Crataegus monogyna Ceaptar go raibh baint ag boladh na mbláthanna leis an mí-ádh a bhí leis an sceach gheal. Is trímheitiolaimín sna bláthanna—an ceimiceán a chruthaítear nuair a lobhann éisc agus feoil—is cúis leis an mboladh ar leith atá ag na bláthanna. I Londain, rinne daoine comparáid idir an drochbholadh seo agus an galar marfach, an bholgach. In ainneoin an bholaidh, thabharfadh daoine in Éirinn na bláthanna isteach sa teach ar Lá Bealtaine agus choinnídís ann iad ar feadh míosa. Ar Lá Bealtaine, freisin, shádh siad géaga na sceiche gile i gcréafóg na ngarrantaí chun na barraí a chosaint. Féach ar an bplanda seo → Aois An Fhearnóg Alnus glutinosa Aithnítear fearnóg atá os cionn 150 bliain mar chrann ársa (ní bhíonn an dair ársa go dtí go mbíonn sí 400 bliain d’aois). Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Caitín Bláth An Fhearnóg Alnus glutinosa Is planda moinéiciach í an fhearnóg—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna fada agus titeann siad anuas ón ngéag. Bíonn dath buí orthu san Earrach. Bíonn na caitíní baineanna glas nuair a bhíonn siad óg, agus dubh nuair a thagann siad chun aibíochta. Tagann bláthanna ar na caitíní idir Feabhra agus Aibreán (cé go mbíonn siad forbartha ó fhómhar na bliana roimhe sin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Fosú Nítrigine An Fhearnóg Alnus glutinosa Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige. Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é—acmhainn thábhachtach ar féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás. Is mar gheall ar an tréith seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéir mar chúiteamh ar an obair seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidreamh siombóiseach seo idir an dá orgánach. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Feithidí éin An Fhearnóg Alnus glutinosa Is iomaí ainmhí agus feithid a bhíonn ag brath ar an bhfearnóg le maireachtáil. Meallann neachtar na gcaitíní meachain (cé nach bhfuil a gcúnamh ag teastáil ón bhfearnóg le pailin a scaipeadh) agus is minic a fheictear bratóg an leamhain fearnóige (Acronicta alni) ag ithe duilleoga na fearnóige. Itheann éin, go háirithe lasracha coille (Carduelis carduelis) agus meantáin, síolta na fearnóige díreach ón mbuaircín. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Galar Fungas An Fhearnóg Alnus glutinosa Galar eile a bhuaileann fearnóga is ea ‘teanga fhearnóige’, ionfhabhtú an fhungais Taphrina alni. Mar thoradh air seo, fásann gál (fásóg neamhghnáthach a bhíonn ar phlandaí) a bhreathnaíonn cosúil le teanga as torthaí glasa na fearnóige. Ní léir go ndéanann sé dochar don chrann fhéin, ach is aisteach an radharc iad na teangacha ag gobadh amach ó thoradh an chrainn. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Bróga An Fhearnóg Alnus glutinosa Ní lobhann adhmad na fearnóige go héasca nuair a bhíonn sé fliuch, agus mar sin d’úsáidtí é i mbáid, i loc-chomhlaí i gcanálacha, gradhanna cósta, agus mar phíopaí uisce. Is as adhmad fearnóige a dhéantaí sálaí na bpaitíní (bróga adhmaid) in Éirinn go deireadh an 19ú haois. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Mí-ádh An Fhearnóg Alnus glutinosa Bhí mí-ádh ag dul don duine a théadh thar fhearnóg, agus b’fhearr don té an crann a sheachaint ar fad. Maítear go mb’fhéidir go raibh mí-ádh leis an gcrann seo mar gur bagairtí do thaistealaithe a bhí sna rógairí a bhíodh sna háiteanna fliucha céanna inar fhás fearnóga. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Mí-ádh An Fhearnóg Alnus glutinosa Athraíonn dath an adhmaid go dearg-oráiste nuair a ghearrtar é. Ceaptar go bhfuil baint ag dath fola an adhmaid leis an mí-ádh seo atá ag dul don chrann, agus b’fhéidir gur míniú é go bhfuil an crann agus an cogadh comhchiallach sa mbéaloideas. Féach ar an bplanda seo → Seanchas Leigheas Faithní An Fhearnóg Alnus glutinosa D’úsáidtí coirt na fearnóige chun faithní a leigheas i gCo. na Gaillimhe. Bhí an úsáid chéanna á baint as an bhfearnóg i Sasana—sa gcás sin bhailídís an líon céanna bachlóga ón gcrann agus a bhí faithní le leigheas agus chuiridís sa talamh iad. Ní léir go bhfuil aon cheo speisialta sa bhfearnóg chun faithní a leigheas — is iomaí planda eile atá luaite mar leigheas d’fhaithní - an crann creathach, an fhéithleog (Lonicera periclymenum) , an fhuinseog, agus an draighean (Prunus spinosa) ina measc. Féach ar an bplanda seo → Leigheas Dó An Fhearnóg Alnus glutinosa Luaitear an fhearnóg mar leigheas ar bhreoiteachtaí éagsúla—mar shampla, go raibh an choirt go maith do dhó craicne. B’fhéidir go raibh údar maith ag daoine codanna den fhearnóg a úsáid mar seo. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithmhiocróbach ag an bplanda a chuidíonn leis an gcorp cneasú.Tá comhdhúile athlastacha faighte sa bhfearnóg, freisin, a d’fhéadfadh cabhrú le raon leathan breoiteachtaí. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Dathú An Fhearnóg Alnus glutinosa Bhídís ag úsáid fearnóga le héadach a dhathú in Éirinn, agus is iomaí dath a chuireann codanna an chrainn seo ar fáil. Cuireann an choirt dath dearg nó dubh ar éadach, faightear dath glas ó na caitíní, agus dath buí ó na géaga óga. Féach ar an bplanda seo →