An Seiceamóir
Acer pseudoplatanus
Tá droch-cháil ar an seiceamóir in Éirinn mar gur crann neamhdhúchasach é ach cuireann an crann bia ar fáil do raon leathan feithidí agus éan. Itheann bratóga na duilleoga, éin na síolta, feithidí an choirt, agus meachain agus pailneoirí eile neachtar na mbláthanna. Déanann éin neadracha sna craobhacha, agus déanann bóíní Dé, féileacáin agus ciaróga baile dóibh féin sa gcrann, freisin. Fásann fungais dhifriúla in adhmad lofa an tseiceamóra, chomh maith