Blúiríní: Éiceolaíocht ← Ar ais chuig gach Blúirín Éiceolaíocht Artach-alpach Lus na Stalóg Arctostaphylos uva-ursi Is planda Artach-Alpach é lus na stalóg. Fásann sé i réigiún impholach an Leathsféir Thuaidh agus ar shuíomhanna arda níos faide ó dheas. Tá sé in ann fuacht, triomach, agus gaoth a sheasamh. Is planda annamh in Éirinn é nach bhfásann ach san iarthar agus san iarthuaisceart. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Frith-Dhóiteáin An Chaithne Arbutus unedo Ceaptar go bhfuil tréithe dófhriotaíocha ag an gcaithne, agus gur buntáiste don chrann é an loscadh sléibhe, a choinníonn crainn níos airde, a bhíonn in iomaíocht leis an gcaithne, faoi smacht. Maítear gur fhulaing coillte caithne nuair a stopadh tinte sléibhe sa gceantar ina bhfásann sí. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh Bláth An Chaithne Arbutus unedo Tagann na bláthanna amach idir Meán Fómhair agus an Nollaig agus, mar go dtógann sé bliain iomlán ar an toradh theacht chun aibíochta, bíonn torthaí na bliana anuraidh ar an gcrann in éineacht le bláthanna na bliana reatha. Is tréith í seo atá uathúil i gcrainn in Éirinn. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh An Chaithne Arbutus unedo In ainneoin gur strawberry-tree atá ar an gcaithne i mBéarla, ní sútha talún a bhíonn ar an gcrann mar thorthaí, ach caora beaga. Is dath glas agus buí a bhíonn orthu ar dtús, sula dtagann dath dearg-oráiste orthu nuair a bhíonn siad aibí. Bíonn dromchla an toraidh garbh le cnaipí beaga, a bhreathnaíonn cosúil le faithní. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Mion Cotoneaster microphyllus Is planda ionrach é an cainchín mion mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile tar éis don phlanda éalú ó ghairdíní. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is bláthra pirimidiúla (panacail) a fhásann go ceartingearach ar chraobhacha an chrainn cnó capaill. Bíonn dath bán orthu, seachas gur dath buí a bhíonn ar bhun na bpeiteal. Nuair a phailníonn feithidí iad athraíonn an píosa seo ón dath buí go dath dearg. Is comhartha é seo go bhfuil an bláth pailnithe, agus mar sin bogann na feithidí ar aghaidh go dtí an chéad bhláth eile. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is é an baictéar Pseudomonas syringae pv aesculi is cúis leis an gcancar sceite atá ag déanamh scrios ar chrainn cnó capaill ar fud na hEorpa, agus Éireann san áireamh. Tagann leacht dorcha amach as stoc na gcrann a bhíonn ag fulaingt leis an ngalar marfach seo. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht éin Síolta Toradh Nimh An Feoras Euonymus europaeus Itheann lonta dubha agus spideoga na torthaí. Bíonn dúil acu i bhfeoil an arail agus scaiptear an síol dá bharr. Ach ní itheann glasáin iad, mar gur síolta a bhíonn uathusan agus aithníonn siad go bhfuil síolta an fheorais nimhneach. Tá na torthaí marfach do chaoirigh freisin, agus ní itheann ainmhithe (seachas gabhair) na duilleoga ach an oiread. Itheann lucha an t-aral, ach fágann siad an síol ina ndiaidh. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Stair Planda Téisclime Aois Oighir An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip siad go tapa ar fud an oileáin luath sa tréimhse Holaicéineach, timpeall 10,000 bliain ó shin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Planda Téisclime Nádúrtha An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Mar phlandaí téisclime, tá tréithe ag beitheanna a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom—fásann siad go tapa, tá crann amháin in ann na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, tá crainn atá 10 mbliana d’aois in ann crainn nua a shíolrú. Is minic, mar sin, go nglacann beitheanna seilbh ar thalamh briste agus tréigthe, chomh maith le ciumhaiseanna iarnróid. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Scuab Caillí An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Tugtar scuab caillí ar an meall géaga a bhreathnaíonn cosúil le nead éin agus a bhíonn le feiceáil ar chrainn éagsúla. Tá siad coitianta ar bheitheanna, agus is iondúil gurb é an fungas, Taphrina betulina, is cúis leo. De thoradh an fhungais, cailleann an ghéag an cumas chun fás rialta, struchtúrtha a dhéanamh, agus cruthaítear caithreáil géaga a fhásann i ngach treo. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg Foraois Bháistí Atlantaigh Collchoill An Coll Corylus avellana Is gnáthóg uathúil í an choill choill (nó collchoill) Atlantaigh, clampaí nó coillearnach de chrainn choill atá suite i dtírdhreach clochach, gar don fharraige, i réigiúin le haeráid mheasartha, fhliuch. Tá siad le fáil in oirthear Chontae na Gaillimhe agus sa mBoirinn. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ceimiceáin Cosaint Feithidí An Coll Corylus avellana Bíonn scáil dhearg ar luath-dhuilleoga an choill, sula dtagann dath glas orthu níos deireanaí sa séasúr. Ceaptar gur ceimiceáin ar leith, anthocyanins, is cúis leis seo. Tugann siad cosaint do na duilleoga óga leochaileacha ón damáiste a dhéanann an iomarca de sholas na gréine. Cosnaíonn na ceimiceáin seo an duilleog ó fheithidí a bhíonn ag iarraidh iad a ithe, freisin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Catkin Bláth An Coll Corylus avellana Bíonn an caitín baineann an choill an-bheag agus suite ar an ngéag os cionn na mbláthanna fireanna, le nach ndéantar féin-phailniú. Breathnaíonn na caitíní seo cosúil le bachlóga beaga glasa. Bíonn roinnt bláthanna baineanna istigh i ngach caitín, le stíleanna gearra dearga ag teacht amach as gach ceann acu. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh Scaipeadh Síolta An Coll Corylus avellana Is cnónna coill (nó collchnó) iad na torthaí agus fásann idir ceann agus ceithre cinn le chéile ar an ngéag. Clúdaíonn crotal glas duilleogach (ar a dtugtar tiomchla) trí cheathrú cuid de gach cnó. Tagann dath donn ar na cnónna sa bhfómhar nuair a bhíonn siad aibí agus titeann siad den chraobh. Itheann éin, luchain, agus ioraí rua na cnónna. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Gabhrán Clematis vitalba Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Is sna 1980idí agus 1990idí a thosaigh an planda ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Féileacáin Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Bíonn boladh láidir ó bhláthanna thor an fhéileacáin a mheallann feithidí, go háirithe féileacáin, chun iad a phailniú. Is mar gheall air seo a thugtar tor an fhéileacáin air. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh Éin An Trom Sambucus nigra Mar go n-aibíonn torthaí an troim roimh chrainn eile, itheann níos mó éan—smólaigh agus druideanna san áireamh—torthaí an phlanda seo ná aon chrann eile. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Seanchas Gnáthóg Lonnú Mallacht An Trom Sambucus nigra Fásann an trom go maith in áiteanna ina bhfuil an chréafóg saibhrithe le nítrigin, go minic ó fhuíoll daoine nó ainmhithe. Mar sin, is timpeall ar fhothracha go minic a fheictear an sceach ag fás. Is amhlaidh a bhíonn sé le neantóga, planda eile a thaitníonn nítrigin leo. Deirtear faoi áiteanna mar seo, de réir údar ón 9ú haois, “Trí comartha ldthraig mallachtan: tromm, tragna, nenaid”, (trí chomhartha d’áit mallaithe: trom, traonach, neantóg). Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg Coiníní An Trom Sambucus nigra Tá síológa troim i measc líon beag plandaí nach n-itheann coiníní, agus is minic go bhfásann sceacha troim timpeall ar choinicéir coiníní freisin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Úsáid Cosaint Nimh Éarthach Feithidí An Trom Sambucus nigra Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, i nduilleoga agus i ngas an troim. Seachnaíonn feithidí an sceach agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí. Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Fásfaidh an seiceamóir i ngach cineál créafóige. Tá sé ar cheann de na crainnte neamhdhúchasacha is cruaite, agus ní chuireann mórán galar as dó ach an oiread. Tá sé in ann gaoth láidir agus sáile a sheasamh, agus tá sé ar cheann de bheagán crann a fhásann go maith ar chósta feannta an iarthair. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Toradh Samár Scaipeadh Síolta An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Titeann na síolta go talamh sa bhfómhar, ag síorchasadh sa ngaoth agus iad ag titim. Má bheireann an ghaoth orthu i gceart, is féidir leo titim i bhfad ón gcrann. Go hiondúil, is i bhfoisceacht de 200 m den chrann a bhuailfidh siad an talamh, ach i gcásanna áirithe, is féidir leo taisteal go 4 km ón gcrann. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Éin Beach Féileacáin Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tá droch-cháil ar an seiceamóir in Éirinn mar gur crann neamhdhúchasach é ach cuireann an crann bia ar fáil do raon leathan feithidí agus éan. Itheann bratóga na duilleoga, éin na síolta, feithidí an choirt, agus meachain agus pailneoirí eile neachtar na mbláthanna. Déanann éin neadracha sna craobhacha, agus déanann bóíní Dé, féileacáin agus ciaróga baile dóibh féin sa gcrann, freisin. Fásann fungais dhifriúla in adhmad lofa an tseiceamóra, chomh maith Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Aifidí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Maireann an aifid bheag ghlas, Drepanosiphum platanoidis ar dhuilleoga an tseiceamóra. Is iad is cúis leis an drúichtín meala greamaitheach a bhíonn ar na duilleoga. Cé gur feithidí beaga iad, d’fheadfadh dhá mhilliún de na míolta beaga a bheith ag maireachtáil ar aon chrann amháin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ball Tarra Truailliú Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is minic go bhfeictear spotaí dubha ar dhuilleoga an tseiceamóra in Éirinn. Tugtar an tar spot fungus ar an bhfungas is cúis leo, Rhytisma acerinum. Ní dhéanann an t-ionfhabhtú seo dochar don chrann. Tá an fungas seo leochaileach do dhé-ocsaíd sulfair (SO₂), truailleán aeir a bhíonn coitianta i gceantair uirbeacha. Chuige sin, is níos minice a fheictear na spotaí dubh ar dhuilleoga an tseiceamóra i gceantair le haer glan. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Balla Contoneaster horizontalis Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca (bíonn an-tóir ag éin sna torthaí dearga) agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Scaipeadh Síolta Éin Feithidí An Caorthann Sorbus aucuparia Itheann bratóga leamhan duilleoga an chaorthainn agus is iomaí cineál éan (lonta dubha agus smólaigh, ach go háirithe) a itheann caora an chaorthainn, agus ag scaipeadh an chrainn dá thoradh sin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Caitín Bláth An Fhearnóg Alnus glutinosa Is planda moinéiciach í an fhearnóg—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna fada agus titeann siad anuas ón ngéag. Bíonn dath buí orthu san Earrach. Bíonn na caitíní baineanna glas nuair a bhíonn siad óg, agus dubh nuair a thagann siad chun aibíochta. Tagann bláthanna ar na caitíní idir Feabhra agus Aibreán (cé go mbíonn siad forbartha ó fhómhar na bliana roimhe sin. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Fosú Nítrigine An Fhearnóg Alnus glutinosa Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige. Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é—acmhainn thábhachtach ar féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás. Is mar gheall ar an tréith seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéir mar chúiteamh ar an obair seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidreamh siombóiseach seo idir an dá orgánach. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Feithidí éin An Fhearnóg Alnus glutinosa Is iomaí ainmhí agus feithid a bhíonn ag brath ar an bhfearnóg le maireachtáil. Meallann neachtar na gcaitíní meachain (cé nach bhfuil a gcúnamh ag teastáil ón bhfearnóg le pailin a scaipeadh) agus is minic a fheictear bratóg an leamhain fearnóige (Acronicta alni) ag ithe duilleoga na fearnóige. Itheann éin, go háirithe lasracha coille (Carduelis carduelis) agus meantáin, síolta na fearnóige díreach ón mbuaircín. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Galar Fungas An Fhearnóg Alnus glutinosa Galar eile a bhuaileann fearnóga is ea ‘teanga fhearnóige’, ionfhabhtú an fhungais Taphrina alni. Mar thoradh air seo, fásann gál (fásóg neamhghnáthach a bhíonn ar phlandaí) a bhreathnaíonn cosúil le teanga as torthaí glasa na fearnóige. Ní léir go ndéanann sé dochar don chrann fhéin, ach is aisteach an radharc iad na teangacha ag gobadh amach ó thoradh an chrainn. Féach ar an bplanda seo →