Lus na Stalóg
Arctostaphylos uva-ursi

Ainmneacha GaeilgeLus na Stalóg
Ainmneacha BéarlaBearberry
Ord: Ericales | Fine: Ericaceae
Tréimhse Faoi Bhláth
🍃Duilleog: Ubhach
📏Airde: 10cm
🎨Bláth: Bán Bándearg
⛰️Gnáthóg: Portach

Is sceach shíorghlas, íseal, shínte (go 20 cm) é lus na stalóg nach bhfásann in Éirinn ach san iarthar agus san iarthuaisceart. Brataíonn sé clocha eibhir i gceantair phortaigh. Is iondúil gur ar ithir aigéadach a fhásann sé (amhail na plandaí eile sa bhfine Ericaceae), ach faightear ar aolchloch na Boirne é freisin. Bíonn duilleoga beaga dúghlasa air i gcaitheamh na bliana, agus bláthanna beaga cloigíneacha sa samhradh. Fásann sé ar fud thuaisceart an Leathsféir Thuaidh. Tugtar bearberry ar mar go n-itheann béir na caora beaga dearga a thagann ar an sceach sa bhfómhar.

Plandaí Gaolmhara