Lus na Stalóg
Arctostaphylos uva-ursi
Is planda Artach-Alpach é lus na stalóg. Fásann sé i réigiún impholach an Leathsféir Thuaidh agus ar shuíomhanna arda níos faide ó dheas. Tá sé in ann fuacht, triomach, agus gaoth a sheasamh. Is planda annamh in Éirinn é nach bhfásann ach san iarthar agus san iarthuaisceart.