An Seiceamóir
Acer pseudoplatanus
Titeann na síolta go talamh sa bhfómhar, ag síorchasadh sa ngaoth agus iad ag titim. Má bheireann an ghaoth orthu i gceart, is féidir leo titim i bhfad ón gcrann. Go hiondúil, is i bhfoisceacht de 200 m den chrann a bhuailfidh siad an talamh, ach i gcásanna áirithe, is féidir leo taisteal go 4 km ón gcrann.