An Seiceamóir
Acer pseudoplatanus
Is minic go
bhfeictear spotaí dubha ar dhuilleoga an tseiceamóra in Éirinn. Tugtar an tar spot fungus ar an bhfungas is cúis leo,
Rhytisma acerinum. Ní
dhéanann an t-ionfhabhtú seo dochar don chrann. Tá an fungas seo leochaileach
do dhé-ocsaíd sulfair (SO₂), truailleán aeir a bhíonn coitianta i gceantair
uirbeacha. Chuige sin, is níos minice a fheictear na spotaí dubh ar dhuilleoga
an tseiceamóra i gceantair le haer glan.