An Chaithne
Arbutus unedo
Ceaptar go bhfuil tréithe dófhriotaíocha ag an gcaithne, agus gur buntáiste don chrann é an loscadh sléibhe, a choinníonn crainn níos airde, a bhíonn in iomaíocht leis an gcaithne, faoi smacht. Maítear gur fhulaing coillte caithne nuair a stopadh tinte sléibhe sa gceantar ina bhfásann sí.