Blúiríní: Ionrach ← Ar ais chuig gach Blúirín Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Mion Cotoneaster microphyllus Is planda ionrach é an cainchín mion mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile tar éis don phlanda éalú ó ghairdíní. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Gabhrán Clematis vitalba Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Is sna 1980idí agus 1990idí a thosaigh an planda ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois. Féach ar an bplanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Balla Contoneaster horizontalis Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca (bíonn an-tóir ag éin sna torthaí dearga) agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Féach ar an bplanda seo →