Bíonn an caitín baineann an choill an-bheag agus suite ar an ngéag os cionn na mbláthanna fireanna, le nach ndéantar féin-phailniú. Breathnaíonn na caitíní seo cosúil le bachlóga beaga glasa. Bíonn roinnt bláthanna baineanna istigh i ngach caitín, le stíleanna gearra dearga ag teacht amach as gach ceann acu.