An Sceach Gheal
Crataegus monogyna
Tá go leor codanna den sceach gheal inite. Dhéantaí glóthach, subhanna, stobhach torthaí le cur i gcácaí, agus fíon as na torthaí agus na bláthanna. Déantar na bláthanna a chur ar bogadh i mbranda chun licéar a dhéanamh. Dhéantaí plúr as na torthaí triomaithe agus chuirtí leis an ngnáthphlúr é chun arán a dhéanamh. Is féidir sailéid a dhéanamh de na duilleoga agus de na bláthanna, agus tae de na duilleoga.