An Seiceamóir
Acer pseudoplatanus
Tagann raicéimí de
bhláthanna buíghlasa, a chrochann anuas ón ngéag, ar an seiceamóir i mí
Aibreán. Pailníonn feithidí iad—bíonn iliomad meachain faoin gcrann ag tús an
tsamhraidh. Is samáir (síolta beaga sciathánacha) iad na torthaí agus bíonn go
leor ar gach crann—d’fhéadfadh gach go mbeadh 30 toradh
ar gach raicéim, agus os cionn 800 raicéim ar gach crann.