Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, i nduilleoga agus i ngas an troim. Seachnaíonn feithidí an sceach agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí. Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu.