Fásann an trom go maith in áiteanna ina bhfuil an chréafóg saibhrithe le nítrigin, go minic ó fhuíoll daoine nó ainmhithe. Mar sin, is timpeall ar fhothracha go minic a fheictear an sceach ag fás. Is amhlaidh a bhíonn sé le neantóga, planda eile a thaitníonn nítrigin leo. Deirtear faoi áiteanna mar seo, de réir údar ón 9ú haois, “Trí comartha ldthraig mallachtan: tromm, tragna, nenaid”, (trí chomhartha d’áit mallaithe: trom, traonach, neantóg).