Bhí an coll i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn timpeall 10,000 bliain ó shin. Scaip sé go tréan, agus 1,000 bliain ina dhiaidh sin bhí an tír brataithe le collmhuineacha.[11] Aimsíodh iarsmaí de chollchnónna, i dtithe Méisiliteacha atá 9,000 bliain d’aois, i gCúil Raithin, Contae Dhoire.