An Seiceamóir
Acer pseudoplatanus
Aimsíodh lámh oirnéise déanta as adhmad an tseiceamóra i gContae na Mí, atá idir 1,400 agus 1,000 bliain d’aois. Ní fianaise é sin go raibh an seiceamóir ag fás in Éirinn, ach tá an seiceamóir in Éirinn le os cionn 400 bliain, mar go bhfuil fianaise ann go raibh siad ag fás i nDoire in 1610.