An Fhearnóg
Alnus glutinosa
Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige. Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é—acmhainn thábhachtach ar féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás. Is mar gheall ar an tréith seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéir mar chúiteamh ar an obair seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidreamh siombóiseach seo idir an dá orgánach.