An Feoras
Euonymus europaeus
Áiríodh an feoras in aicme íseal na coille, na fodla fedo, in éineacht le leithéidí an trom (Sambuca nigra) agus an chaithne (Arbutus unedo), ach níl mórán béaloidis faoin bhfeoras in Éirinn. Níl sé seo amhlaidh in áiteanna eile. Is meafair é do chailliúint an tsoineantais, i mbéaloideas mhór-roinn na hEorpa, méar a phriocadh trí thimpiste ar fearsaid an fheorais.