An Crann Cnó Capaill
Aesculus hippocastanum
Tugadh an crann cnó capaill go dtí an Bhreatain ón Tuirc sa 16ú haois, agus uaidh sin tháinig sé go hÉirinn sa 17ú haois. Cé nach bhfuil aon luach eacnamaíoch ag adhmad bog an chrainn—loghann sé go tapa agus ní dhónn sé go maith—cuireadh go forleathan anseo é mar chrann ornáide, agus is i bpáirceanna agus in eastáit mhóra na tíre, chomh maith le gairdíní príobháideacha, is mó a fheictear an crann cnó capaill inniu.