An Bheith Chlúmhach
Betula pubescens
Tá ainm na beithe le feiceáil i logainmneacha éagsúla ar fud na tíre—Gleann Beithe i gCiarraí agus Achadh Bheithe i gContae Fhear Manach ina measc. Tá Doire Bheithe i gContae Longfoirt agus Díseart Beitheach i gContae Laoise. Scaití, faightear leagan firinscneach den ainm sna logainmneacha, mar shampla Gleann an Bheithe i dTír Chonaill agus Gort an Bheithe i gContae an Chláir. Uaireanta eile, is leagan baininscneach a bhíonn luaite le háit, mar shampla Bealach na Beithe, Contae Liatroma.