Blúiríní: Fíoghual ← Ar ais chuig gach Blúirín Úsáid Fíoghual Sudaireacht An Chaithne Arbutus unedo Tá adhmad na caithne crua agus dlúthshnáitheach, ach briosc agus éasca le scoilteadh. Níl sé feiliúnach mar adhmad tógála, ach bhaintí úsáid as mar fhioghual, agus d’úsáidtí an choirt i gceird na súdaireachta. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Fíoghual Púdar An Feoras Euonymus europaeus Déantar fioghual ar ardchaighdeán —le húsáid ag ealaíontóirí — as adhmad an fheorais. Is ionann an t-ainm Fraincise don fheoras—‘fusain’—agus an t-ainm Fraincise d’fhiogual. Dar leis an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, is as adhmad an fheorais a dhéantar an fioghual d’ealaíontóirí is fearr. Dhéantaí púdar gunna as an bhfioghual freisin. Féach ar an bplanda seo →