An Bheith Chlúmhach
Betula pubescens
Is féidir tarra a dhéanamh as coirt na beithe ach é a thriomú i dteas ard agus gan mórán aeir a scaoileadh chuige, próiseas ar a dtugtar turdhriogadh. Aimsíodh tarra beithe ar uirlisí cloiche i dTuscáin na hIodáile a rinneadh sa tréimhse Pléisticéineach (185–135,000 bliain ó shin).