Deirtear, i mbéaloideas na gCeilteach, go raibh eolas na cruinne sna craobhacha a bhí ar an gcéad choll, a d’fhás in aice le tobar an eolais. Is nuair a d’ith an bradán feasa cnónna a thit ón gcrann isteach sa tobar a shealbhaigh an t-iasc sin eolas na cruinne.