An Seiceamóir
Acer pseudoplatanus
Tugtar Acer pseudoplatanus
ar an seiceamóir san ainm eolaíoch mar go bhfuil cosúlachtaí idir dhuilleoga an
tseiceamóra agus na duilleoga a bhíonn ar chrainn phlána atá sa ngéineas Platanus, cosúil le plána Londan (Platanus hispanica),
crann atá fairsing in Éirinn. Tugann Meiricánaigh ’sycamore’
ar an gcrann, Platanus occidentalis,
a fhásann i Meiriceá Thuaidh. Is 'sycamore’, freisin, a
thugtar ar an Ficus sycomorus,
crann figí a fhásann san Áis agus san Afraic.