An Ghiolcach Shléibhe
Cytisus scoparius
Cosúil leis an aiteann, is iomaí leigheas a cheaptaí a bhí sa ngiolcach shléibhe. De réir an tseanchais, bhí leigheas inti do chasacht, at (uisce bruite na nduilleog a ól), fuil sróine (tae an phlanda a ól), na duáin, scoilteacha (uisce feochta na nduilleog a chuimilt ar an gcorp), slaghdán, tinnis duáin agus ae (an fréamh a úsáid), pian sa mbolg, íorpais (in éineacht le caisearbhán (Taraxacum spp.) agus an t-aiteal (Juniperus communis), agus tinneas cinn.