An Ghiolcach Shléibhe
Cytisus scoparius
Leigheas do na duáin ab ea an ghiolcach shléibhe an fhraochóg (Vaccinium myrtillus), an cogal (Agrostemma githago), agus an giolcach shléibhe a bhruith le salann agus siúcra. D’óltaí an deoch chuile mhaidin ar feadh 9 lá i ndiaidh a chéile.[8] Amhail an t-aiteann, thugtaí an ghiolcach shléibhe d’ainmhithe freisin le péisteanna agus galracha eile a leigheas.