An Feoras
Euonymus europaeus
In ainneoin go bhfuil an feoras nimhneach, bhaintí úsáid as na torthaí mar phurgóid, urlacach, agus spreagthach don ae. D'úsáidtí torthaí an chrainn (bácáilte agus púdar déanta astu) agus coirt an chrainn chun míolta gruaige ar chloigne gasúr a mharú in Éirinn. Scaipfeadh daoine na duilleoga púdaraithe i dtithe i Somerset, Shasana, mar fheithidicíd nádúrtha.