An Chaithne
Arbutus unedo
Tá teacht na caithne go hÉirinn luaite sa mbéaloideas. Chas Oisín agus na Fianna leis na Tuatha Dé Danann in aice le Loch Léin i gCill Airne. I measc na nithe a thugadar leo ón Tír Tairngre (an áit as ar tháinig na Tuatha Dé Danann) bhí “cnó corcra agus ubhla caithne agus caora cumhra”.