Blúiríní: Scuab ← Ar ais chuig gach Blúirín Úsáid Scuab An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Dhéantaí scuaba as an mbeith san am atá caite — cheanglaítí géaga ón mbeith agus ón bhfraoch le cois adhmaid agus d’úsáidtí seo le hurláir chréafóige na dtithe a scuabadh. Féach ar an bplanda seo → Úsáid Scuab An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Ciallaíonn scoparius, san ainm eolaíoch atá ar an ghiolcach shléibhe, 'scuab' agus d’úsáidtí géaga na giolcaí sléibhe chun urláir a scuabadh. Is uaidh seo a fhaigheann sé an t-ainm Béarla, broom. Féach ar an bplanda seo →