Ní gá go gcailltear crann má ghearrtar an stoc. Tá cineálacha crainn ann a fhásfaidh meatháin nua ón áit a ghearrtar iad. Is minic go mbíonn na meatháin seo caol, díreach, ar aon mhéid lena chéile agus an-úsáideach. Má ghearrtar na géaga seo gar don talamh, le himeacht aimsire fásfaidh meatháin nua ón stoc agus tosóidh an timthriall arís. Is bunscoitheadh a thugtar ar an gcleachtas seo. Is cleachtas ársa é seo atá linn ón tréimhse Neoiliteach.Is iomaí crann dúchasach in Éirinn a ghlacann le bunscoitheadh. Chomh maith leis an gcoll, dhéantaí é ar an tsaileach, an fhearnóg, an leamhán, an fhuinseog, an dair, an bheith agus an crann fia-úll.