An Ghiolcach Shléibhe
Cytisus scoparius
Thugtaí an t-ainm Laidine planta genista ar an ngiolcach shléibhe ar Mhór-roinn na hEorpa, agus is é a bhí mar shuaitheantas araltais ag clann ríoga in Anjou na Fraince sna Meánaoiseanna. Is mar gheall ar sin a shocraigh siad Plantagenet a thabhairt orthu féin, agus bhí siad i gceannas ar Shasana, agus cuid den oileán seo, ó 1154 go 1485.