ECOLOGY DISPLAY=ALL Ag taispeáint 62 blúiríní Éiceolaíocht Bagairt Galar Fungas An Leamhán Mion Ulmus minor Is é an fungas Ophiostroma ulmi is cúis leis an nGalar Dúitseach Leamhán. Mharaigh sé 30% de leamháin na Breataine idir 1920 agus 1940 nuair a tháinig sé isteach ar adhmad a iompórtáladh chuig an oileán. Faoin am sin, bhí scrios déanta cheana fhéin ar leamháin na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Faoi na 1970idí, rinne an fungas éabhlóidiú go Ophiostoma novo-ulmi. Maraíodh os cionn 90% de leamháin ghallda na Breataine nuair a tháinig an fungas sin isteach sa tír. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Galar Bagairt Fungas Feithidí An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Níor bhuail an galar Dúisteach leamhán an leamhán sléibhe chomh dona le leamháin eile. Is iad ciaróga beaga a scaipeann an fungas. Cé go bhfuil an leamhán sléibhe níos leochailí don ghalar fhéin, is fearr leis na ciaróga coirt an leamháin ghallda. Tá buntáiste eile ag an leamhán sléibhe. Is fearr leis na ciaróga coirt a bhíonn idir 5-8 mm tiubh. Faoin am a bhíonn an tiús seo bainte amach ag coirt an leamháin shléibhe, bíonn sé in ann iomadú. Dá bhrí sin, is féidir leis na leamháin scaipeadh, fiú má mharaíonn an t-ionfhabhtú iad tar éis dóibh iomadú. Anuas ar sin, níl an chiaróg sin chomh coitianta sin ar thalamh ard, agus is ann anois a fhaightear formhór na leamhán sléibhe in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Fungas Gál An Donnroisc Prunus padus Is é an fungas Taphrina padi is cúis leis an ionfhabhtú a athraíonn cruth toradh an donnroisc ó chaor sféarach go gál fada. Scriosann siad an toradh. Tá gaol ag an bhfungas seo le T. alni a bhuaileann torthaí na fearnóige. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Artach-alpach Lus na Stalóg Arctostaphylos uva-ursi Is planda Artach-Alpach é lus na stalóg. Fásann sé i réigiún impholach an Leathsféir Thuaidh agus ar shuíomhanna arda níos faide ó dheas. Tá sé in ann fuacht, triomach, agus gaoth a sheasamh. Is planda annamh in Éirinn é nach bhfásann ach san iarthar agus san iarthuaisceart. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Éiceolaíocht Bagairt An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Tá an phoibleog dhubh Atlantaigh dúchasach sa Breatain, ach tá sé freisin ar an gcrann dúchasach is mó atá i mbaol sa mBreatain.eaptar nach bhfuil ach 6,000 crann fágtha anois sa mBreatain, agus is mionlach an-bheag dóibh siúd iad na crainn bhaineanna. Tá crainn fiáine chomh hannamh sin sa mBreatain, mar gheall ar dhraenáil na talún, go gceaptar nach féidir leis na cinn atá fágtha iad féin a phailniú níos mó. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Frith-Dhóiteáin An Chaithne Arbutus unedo Ceaptar go bhfuil tréithe dófhriotaíocha ag an gcaithne, agus gur buntáiste don chrann é an loscadh sléibhe, a choinníonn crainn níos airde, a bhíonn in iomaíocht leis an gcaithne, faoi smacht. Maítear gur fhulaing coillte caithne nuair a stopadh tinte sléibhe sa gceantar ina bhfásann sí. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht An Fhuinseog Fraxinus excelsior Tugtar deis do phlandaí a bhíonn solas uathu fás faoin bhfuinseog, mar nach dtagann duilleoga ar an bhfuinseog go dtí tús an tsamhraidh, agus mar nach mbíonn duilliúr dlúth ag an gcrann fiú nuair a bhíonn na duilleoga amuigh. Go deimhin, tá tábhacht ar leith ag an bhfuinseog do bhithéagsúlacht na tíre. Sa mBreatain, aimsíodh 1058 speiceas atá ag brath ar an bhfuinseog nó ar choillte ina bhfuil fuinseoga ag fás iontu. Ina measc, bhí 12 speiceas d'éan, 55 mamach, 78 planda, 68 fungas, 58 caonach agus aelus, 558 léicean, agus 239 speiceas d'inveirteabrach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt Galar An Fhuinseog Fraxinus excelsior Tá bagairt eiseach roimh an bhfuinseog in Éirinn. Tá an crann liostáilte mar speiceas faoi bhagairt ar liosta dearg atá ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN), go príomha mar gheall ar an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, ar cúis leis an ngalar ar a dtugtar críonadh siar na fuinseoige. Fásann an fungas istigh sa gcrann agus cuireann sé as do chóras uisce agus cothaithigh an chrainn. Éiríonn crainn atá thíos leis an ngalar feoite. Maraítear crainn óga laistigh de bhliain; maireann crainn níos sine ar feadh roinnt blianta eile. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Caitíní Éiceolaíocht Beacha Leamhain An tSailchearnach Salix caprea Ceaptar go bhfuil boladh na gcaitíní tábhachtach do shaileacha mar nach bhfuil dathanna suntasacha acu chun pailneoirí a mhealladh. Ceaptar, freisin, go n-athraíonn an tsailchearnach boladh cumhra na mbláthanna idir lá agus oíche, le leamhain a mhealldh san oíche agus meachain sa lá. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht éin Feithidí An tSailchearnach Salix caprea Tá lear mór leamhan ag brath ar an sailchearnach, ina measc an conach poibleoige (Laothoe populi). Cuireann an tsailchearnach pailin agus neachtar ar fáil do mheachain, feithidí eile, agus éin amhail meantáin ghorma ag am nuair nach bhfuil mórán beatha eile ar fáil. Ina iomlán, tá 360 inveirteabrach luaite leis an tsailchearnach, agus ní fhaightear 129 de na speicis seo ach ar an tsailchearnach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh éin Ainmhithe An Chaor Chon Viburnum opulus Is drúp dearg, atá cosúil le caor, é an toradh a bhíonn ar an gcaor chon. Ní léir go dtaitníonn na torthaí le héin an oiread sin, mar gur minic dóibh a bheith fós ar an gcraobh i lár an gheimhridh. Ach, nuair a thagann an crua ar an tairne agus gan mórán eile ar fáil, itheann síodeiteacha, smólaigh, spideoga, agus corcráin coille iad. Itheann sionnaigh agus lucha iad freisin, agus scaiptear an planda dá thoradh seo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Mion Cotoneaster microphyllus Is planda ionrach é an cainchín mion mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile tar éis don phlanda éalú ó ghairdíní. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Féileacáin An Draighean Fearna Frangula alnus Is ar an draighean fearna agus ar an paide bréan (Rhamnus cathartica) a bhíonn an buíóg ruibheach (Gonepteryx rhamni) ag brath. Beireann an féileacán seo uibheacha ar na duilleoga agus itheann na bratógaí iad nuair a bheirtear iad. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg An Draighean Fearna Frangula alnus Is iondúil gur crann beag (go 5-6 m), duillsilteach é an draighean fearna, cé go bhfásann sé mar sceach shínte in áiteanna in Éirinn, go háirithe ar bhruacha locha in oirthear na Boirne. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bláth Pailniú Feithidí An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is bláthra pirimidiúla (panacail) a fhásann go ceartingearach ar chraobhacha an chrainn cnó capaill. Bíonn dath bán orthu, seachas gur dath buí a bhíonn ar bhun na bpeiteal. Nuair a phailníonn feithidí iad athraíonn an píosa seo ón dath buí go dath dearg. Is comhartha é seo go bhfuil an bláth pailnithe, agus mar sin bogann na feithidí ar aghaidh go dtí an chéad bhláth eile. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is é an baictéar Pseudomonas syringae pv aesculi is cúis leis an gcancar sceite atá ag déanamh scrios ar chrainn cnó capaill ar fud na hEorpa, agus Éireann san áireamh. Tagann leacht dorcha amach as stoc na gcrann a bhíonn ag fulaingt leis an ngalar marfach seo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Marcescence An Fheá Fagus sylvatica Coinníonn an fheá a cuid duilleog feoite ar an ngéag sa ngeimhreadh. Tugtar marcescence ar an tréith seo agus tá sé ag na daracha dúchasacha freisin. Is í seo an chúis a chuirtear an fheá go minic mar fhál. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Cnó An Fheá Fagus sylvatica Is i bpéirí a fhásann bláthanna baineanna na feá, agus iad timpeallaithe ag tiomchla. Éiríonn an tiomchla adhmadach tar éis don ghaoth na bláthanna a phailniú, agus clúdaítear na síolta i gcupúl—crotal spíonlach. Bíonn ceann nó péire de chnónna feá—síolta uilleannacha—istigh sna crotail spíonlacha. Tagann na cnónna chun aibíochta idir Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, agus titeann siad i mí na Samhna. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Lonnaíocht Coill An Fheá Fagus sylvatica Bíonn an talamh i gcoillte feá faoi scáth ag ceannbhrat dlúth na nduilleog agus clúdaithe freisin ag cairpéad de dhuilleoga agus crotail fheoite na síolta. Ní mhaireann sna coinníollacha sin ach plandaí scáthfhulangacha. Le rudaí níos deacra a dhéanamh do phlandaí eile, súnn fréamhacha éadomhain na feá an t-uisce atá timpeall ar an gcrann. Mar nach bhfuil mórán plandaí eile in ann scáth na feá a sheasamh, ná dul in iomaíocht le fréamhacha éadomhain an chrainn chun uisce talún a fháil, is minic gurb í an fheá an t-aon speiceas de chrann a fhásann sa gcoillearnach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht éin Síolta Toradh Nimh An Feoras Euonymus europaeus Itheann lonta dubha agus spideoga na torthaí. Bíonn dúil acu i bhfeoil an arail agus scaiptear an síol dá bharr. Ach ní itheann glasáin iad, mar gur síolta a bhíonn uathusan agus aithníonn siad go bhfuil síolta an fheorais nimhneach. Tá na torthaí marfach do chaoirigh freisin, agus ní itheann ainmhithe (seachas gabhair) na duilleoga ach an oiread. Itheann lucha an t-aral, ach fágann siad an síol ina ndiaidh. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Planda Téisclime Stair Oighearaois An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip siad go tapa ar fud an oileáin luath sa tréimhse Holaicéineach, timpeall 10,000 bliain ó shin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Planda Téisclime An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Mar phlandaí téisclime, tá tréithe ag beitheanna a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom—fásann siad go tapa, tá crann amháin in ann na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, tá crainn atá 10 mbliana d’aois in ann crainn nua a shíolrú. Is minic, mar sin, go nglacann beitheanna seilbh ar thalamh briste agus tréigthe, chomh maith le ciumhaiseanna iarnróid. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Scuab Caillí An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Tugtar scuab caillí ar an meall géaga a bhreathnaíonn cosúil le nead éin agus a bhíonn le feiceáil ar chrainn éagsúla. Tá siad coitianta ar bheitheanna, agus is iondúil gurb é an fungas, Taphrina betulina, is cúis leo. De thoradh an fhungais, cailleann an ghéag an cumas chun fás rialta, struchtúrtha a dhéanamh, agus cruthaítear caithreáil géaga a fhásann i ngach treo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg Foraois Bháistí Atlantaigh Collchoill An Coll Corylus avellana Is gnáthóg uathúil í an choill choill (nó collchoill) Atlantaigh, clampaí nó coillearnach de chrainn choill atá suite i dtírdhreach clochach, gar don fharraige, i réigiúin le haeráid mheasartha, fhliuch. Tá siad le fáil in oirthear Chontae na Gaillimhe agus sa mBoirinn. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ceimiceáin Cosaint Feithidí An Coll Corylus avellana Bíonn scáil dhearg ar luath-dhuilleoga an choill, sula dtagann dath glas orthu níos deireanaí sa séasúr. Ceaptar gur ceimiceáin ar leith, anthocyanins, is cúis leis seo. Tugann siad cosaint do na duilleoga óga leochaileacha ón damáiste a dhéanann an iomarca de sholas na gréine. Cosnaíonn na ceimiceáin seo an duilleog ó fheithidí a bhíonn ag iarraidh iad a ithe, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Scaipeadh Síolta An Coll Corylus avellana Is cnónna coill (nó collchnó) iad na torthaí agus fásann idir ceann agus ceithre cinn le chéile ar an ngéag. Clúdaíonn crotal glas duilleogach (ar a dtugtar tiomchla) trí cheathrú cuid de gach cnó. Tagann dath donn ar na cnónna sa bhfómhar nuair a bhíonn siad aibí agus titeann siad den chraobh. Itheann éin, luchain, agus ioraí rua na cnónna. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Bithéagsúlacht Ainmhithe éin An tAiteal Juniperus communis Itheann fianna, coiníní, agus giorriacha aitil óga, agus is iad is cúis le meath an aitil in áiteanna éagsúla. Is foinse bia iad na torthaí d’éin amhail smólaigh, sacáin, agus deargáin sneachta. Mar nach ndíleánn siad na síolta, tá ról tábhachtach acu ag scaipeadh an aitil. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Deatach Poitín Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Dónn an adhmad an aitil go maith, agus bíonn deatach cumhraithe agus beagnach dofheicthe uaidh. Mar gheall air seo, dhóití an t-adhmad in stiléireacht aindleathacha in Albain—ceann de na cúiseanna go bhfuil an crann neamhchoitianta anois i nGarbhchríocha na tíre sin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Cheal ábhar eile, d’úsáidtí craobhacha aitil le linn searmanais Dhomhnach na Pailme (Domhnach an Iúir) in Árainn in ionad an iúir, nach raibh ag fás ar an oileán, agus d’fhulaing na crainn go mór dá thoradh. Ní raibh dé ar an bplanda in Inis Oírr in 1893 nuair a thug Nathaniel Colgan cuairt ar an oileán. Tá sé fós ag fás ar an dá oileán eile. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Gabhrán Clematis vitalba Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht éin Ainmhithe Dearcán An Dair Ghaelach Quercus petraea Scaipeann mamaigh agus éin, go háirithe an scréachóg choille, na dearcáin. Bailíonn scréachóga dearcáin agus cuireann siad i dtaisce iad—tá éan amháin in ann na mílte dearcán a chur sa talamh gach fómhar. Dár ndóigh, mar nach n-itheann siad gach dearcán, tá ról tábhachtach ag na héin seo—agus ag ioraí rua, a dhéanann amhlaidh—lena chinntiú go bhfásfaidh crainn dharacha nua i gcoillte na hÉireann. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht Flóra Feithidí An Dair Ghaelach Quercus petraea Déanann crainn dharacha lánfhásta ceannbhrat oscailte a scaoileann solas síos go sraith talún na coille, a théann chun sochair bláthanna coille an earraigh—coinnle corra, sailchuachanna, creabhanna, agus neadacha coille, ina measc. Is foinse bheatha freisin iad na feithidí a mhaireann ar an gcrann d’éin agus do chreachadóirí eile. Amhail crainn eile, saibhríonn duilleoga lofa an chrainn an ithir. Blúiríní an phlanda seo → Stair Leamhan Éiceolaíocht Leamhan An Dair Ghaelach Quercus petraea Mar aon le speiceas ar bith eile, tá an dair leochaileach d’ionfhabhtú ó bhaictéir agus fungais, agus d’ionradh ó fheithidí. Thug nóta gan dáta, scríofa ar phíosa veillim agus sáite isteach i Leabhar Buí Leacáin (ón 14ú nó 15ú haois) le fios nár fhág ionfhabhtú ón leamhan, Tortrix viridana, duilleog amháin féin ar na daracha i gcríocha Uí Fhlaithearta in iarthar Chonnacht. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gál Feithidí An Dair Ghaelach Quercus petraea Is í an gálfhoiche Neuroterus quercusbaccarum (an common spangle gall wasp i mBéarla) is cúis leis na gáil a bhíonn i bhfoirm dioscaí donnbhuí in íochtar duilleoga daracha. Titeann na gáil go talamh sa bhfómhar agus tagann gálfhoichí baineanna amach as na huibheacha a bhíonn istigh sna gáil. Is iad na gálfhoichí baineanna seo is cúis leis na gáil sféaracha glasa nó dearga a bhíonn ar chaitíní fireanna na darach. Breathnaíonn siad cosúil le cuiríní—tugtar currant galls orthu i mBéarla. Is iad na foichí a thagann as na gáil seo a thosaíonn an timthriall arís. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gál Feithidí Úsáid Dúch An Dair Ghaelach Quercus petraea Tugadh an gálfhoiche Andricus kollari, a dhéanann gáil chrua sféaracha (tugtar gáil mharmaracha orthu), ón Meánoirthear go hÉirinn sna 1830idí le go bhféadfaí na gáil a úsáid le dathú agus i ndéantúsaíocht dúigh. Tá saolré casta ag na feithidí beaga seo agus bíonn speiceas eile den dair, an tsearbhdhair, ag teastáil uathu le gur féidir leo iomadú. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Panacail Éiceolaíocht Toradh éin An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phribhéad Calafoirniach. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éin iad. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Is sna 1980idí agus 1990idí a thosaigh tor an fhéileacáin ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Féileacáin Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Bíonn boladh láidir ó bhláthanna thor an fhéileacáin a mheallann feithidí, go háirithe féileacáin, chun iad a phailniú. Is mar gheall air seo a thugtar tor an fhéileacáin air. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh éin An Trom Sambucus nigra Mar go n-aibíonn torthaí an troim roimh chrainn eile, itheann níos mó éan—smólaigh agus druideanna san áireamh—torthaí an phlanda seo ná aon chrann eile. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg Lonnaíocht Seanchas Mallacht An Trom Sambucus nigra Fásann an trom go maith in áiteanna ina bhfuil an chréafóg saibhrithe le nítrigin, go minic ó fhuíoll daoine nó ainmhithe. Mar sin, is timpeall ar fhothracha go minic a fheictear an sceach ag fás. Is amhlaidh a bhíonn sé le neantóga, planda eile a thaitníonn nítrigin leo. Deirtear faoi áiteanna mar seo, de réir údar ón 9ú haois, “Trí comartha ldthraig mallachtan: tromm, tragna, nenaid”, (trí chomhartha d’áit mallaithe: trom, traonach, neantóg). Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Lonnaíocht Ainmhithe An Trom Sambucus nigra Tá síológa troim i measc líon beag plandaí nach n-itheann coiníní, agus is minic go bhfásann sceacha troim timpeall ar choinicéir coiníní freisin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Cosaint Nimh Úsáid Éarthach Feithidí Nimh An Trom Sambucus nigra Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, i nduilleoga agus i ngas an troim. Seachnaíonn feithidí an sceach agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí. Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Fásfaidh an seiceamóir i ngach cineál créafóige. Tá sé ar cheann de na crainnte neamhdhúchasacha is cruaite, agus ní chuireann mórán galar as dó ach an oiread. Tá sé in ann gaoth láidir agus sáile a sheasamh, agus tá sé ar cheann de bheagán crann a fhásann go maith ar chósta feannta an iarthair. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bláth Raicéim Samár An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tagann raicéimí de bhláthanna buíghlasa, a chrochann anuas ón ngéag, ar an seiceamóir i mí Aibreán. Pailníonn feithidí iad—bíonn iliomad meachain faoin gcrann ag tús an tsamhraidh. Is samáir (síolta beaga sciathánacha) iad na torthaí agus bíonn go leor ar gach crann - d’fhéadfadh gach go mbeadh 30 toradh ar gach raicéim, agus os cionn 800 raicéim ar gach crann. Blúiríní an phlanda seo → Spraoi Éiceolaíocht Toradh Samár Scaipeadh Síolta An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Titeann na síolta go talamh sa bhfómhar, ag síorchasadh sa ngaoth agus iad ag titim. Má bheireann an ghaoth orthu i gceart, is féidir leo titim i bhfad ón gcrann. Go hiondúil, is i bhfoisceacht de 200 m den chrann a bhuailfidh siad an talamh, ach i gcásanna áirithe, is féidir leo taisteal go 4 km ón gcrann. Bíonn an-spraoi ag gasúir leis na síolta sciathánacha seo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí éin Beacha Féileacáin Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tá droch-cháil ar an seiceamóir in Éirinn mar gur crann neamhdhúchasach é ach cuireann an crann bia ar fáil do raon leathan feithidí agus éan. Itheann bratóga na duilleoga, éin na síolta, feithidí an choirt, agus meachain agus pailneoirí eile neachtar na mbláthanna. Déanann éin neadracha sna craobhacha, agus déanann bóíní Dé, féileacáin agus ciaróga baile dóibh féin sa gcrann, freisin. Fásann fungais dhifriúla in adhmad lofa an tseiceamóra, chomh maith. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Aifidí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Maireann an aifid bheag ghlas, Drepanosiphum platanoidis ar dhuilleoga an tseiceamóra. Is iad is cúis leis an drúichtín meala greamaitheach a bhíonn ar na duilleoga. Cé gur feithidí beaga iad, d’fheadfadh dhá mhilliún de na míolta beaga a bheith ag maireachtáil ar aon chrann amháin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ball Tarra Truailliú Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is minic go bhfeictear spotaí dubha ar dhuilleoga an tseiceamóra in Éirinn. Tugtar an tar spot fungus ar an bhfungas is cúis leo, Rhytisma acerinum. Ní dhéanann an t-ionfhabhtú seo dochar don chrann. Tá an fungas seo leochaileach do dhé-ocsaíd sulfair (SO₂), truailleán aeir a bhíonn coitianta i gceantair uirbeacha. Chuige sin, is níos minice a fheictear na spotaí dubh ar dhuilleoga an tseiceamóra i gceantair le haer glan. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Fungas ornáideach An Péine Albanach Pinus sylvestris Is iomaí caidreamh míciríosach le fungais san ithir a bhíonn ag an bpéine Albanach a phéacann go nádúrtha i ngnáthóg fheiliúnach. Cabhraíonn an cónascadh seo leis na crainn flúirsiú má shocraítear na caidrimh sin luath i saolré an chrainn. Ní amhlaidh a bhíonn sé seo le crainn a cheannaítear i bplandlann, agus is minic nach mbíonn rath orthu dá bharr. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Péine Albanach Pinus sylvestris Táthar ag maíomh go mbeidh drochthionchar ag an athrú aeráide ar an bpéine Albanach. Ceapfar go mbeidh fás laghdaithe, agus ráta marthanais níos ísle, ag crainn phéine atá ó dheas den líne dhomhanleithid 62N, fiú má bhíonn ardú measartha i dteocht na haeráide. Beidh tionchar thar na bearta aige seo ar an timpeallacht agus ar an gcine daonna, i bhfianaise an méid crann den speiceas seo atá ag fás ar fud an Leathsféir Thuaidh. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Balla Contoneaster horizontalis Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca (bíonn an-tóir ag éin sna torthaí dearga) agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Scaipeadh Síolta éin Feithidí An Caorthann Sorbus aucuparia Itheann bratóga leamhan duilleoga an chaorthainn agus is iomaí cineál éan (lonta dubha agus smólaigh, ach go háirithe) a itheann caora an chaorthainn, agus ag scaipeadh an chrainn dá thoradh sin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht éin Ainmhithe An Cuileann Ilex aquifolium Mar gur crann síorghlas é an cuileann, tugann na duilleoga deilgneacha agus géaga dlútha an tearmann d’éin agus d’ainmhithe i gcaitheamh an gheimhridh. Tógann sé roinnt blianta ar na duilleoga a thiteann lobhadh, agus úsáideann ainmhithe amhail an ghráinneog iad chun neadracha a dhéanamh. Is foinse bheatha thábhachtach iad na caora freisin d’éin cosúil leis an deargán sneachta agus an sacán. Is gealbhán cuilinn ainm eile ar an gcorcrán coille, éan eile a bhíonn sa tóir ar chaora an chuilinn sa ngeimhreadh. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Pailniú Beacha An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is beacha, den chuid is mó, a phailníonn bláthanna an aitinn. Téann na siad isteach sna bláthanna ag cuartú neachtair (cé nach bhfuil neachtar iontu). Brúitear na cílí ar leataobh agus clúdaíonn an mheach an stíl (an chuid bhaineann den phlanda) le pailin ón staimín. Nuair a tharlaíonn sé seo, breathnaíonn an bláth míshlachtmhar agus seachnaíonn na beacha eile é. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadu Scaipeadh Síolta Éiceolaíocht Feithidí éin An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is iomaí bealach atá ag an aiteann le síolta a scaipeadh — tógann feithidí iad, itheann éin iad, imíonn siad leis an ngaoth, agus snámhann siad in uisce. Fanann na síolta suanach mura mbíonn coinníollacha feiliúnach dóibh le péacadh, ach is iondúil go bpéacann an planda go héasca ón síol. Iomadaíonn an t-aiteann gallda go fásúil freisin, trí meathán a chur aníos ó rútaí faoi thalamh, chomh maith le trí atáirgeadh gnéasach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Beacha Robáil An Fhiúise Fuchsia magellanica Is dordéain a phailníonn na fiúise ina ceantar dúchais, ach is meachain agus feithidí eile a bhíonn sa tóir ar neachtar an phlanda in Éirinn. Uaireanta robálann bumbóga an neachtar—déanann siad poll sa mbláth agus diúlann siad an neachtar gan teagmháil ar bith a dhéanamh leis an bpailin. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Éiceolaíocht éin An Fhiúise Fuchsia magellanica Cé go gceaptar go bhfuil an cineál fiúise is coitianta atá in Éirinn aimrid, scaipeann sé go héasca trí mheatháin a chur aníos ó rútaí faoi thalamh. Mar go n-iomadaíonn an fhiúise go fásúil mar seo, fásann clampaí móra den sceach ar thaobh an bhóthair. Tugann sé seo deis d’éin cosúil le dreoilíní agus spideoga a gcuid neadracha a dhéanamh i dtearmann sábháilte. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht éin Feithidí An Draighean Prunus spinosa Is cuid lárnach d’éiceachóras na hÉireann é an draighean. Cuireann na bláthanna pailin agus neachtar ar fáil luath sa mbliain, nuair nach mbíonn mórán plandaí eile ag bláthú. Itheann bratóga leamhain na duilleoga. Itheann éin na hairní, agus déanann siad neadacha i measc na ngéag dhlútha. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Caitíní Bláth An Fhearnóg Alnus glutinosa Is planda moinéiciach í an fhearnóg—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna fada agus titeann siad anuas ón ngéag. Bíonn dath buí orthu san Earrach. Bíonn na caitíní baineanna glas nuair a bhíonn siad óg, agus dubh nuair a thagann siad chun aibíochta. Tagann bláthanna ar na caitíní idir Feabhra agus Aibreán (cé go mbíonn siad forbartha ó fhómhar na bliana roimhe sin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Fosú Nítrigine An Fhearnóg Alnus glutinosa Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige. Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é—acmhainn thábhachtach ar féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás. Is mar gheall ar an tréith seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéir mar chúiteamh ar an obair seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidreamh siombóiseach seo idir an dá orgánach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí éin An Fhearnóg Alnus glutinosa Is iomaí ainmhí agus feithid a bhíonn ag brath ar an bhfearnóg le maireachtáil. Meallann neachtar na gcaitíní meachain (cé nach bhfuil a gcúnamh ag teastáil ón bhfearnóg le pailin a scaipeadh) agus is minic a fheictear bratóg an leamhain fearnóige (Acronicta alni) ag ithe duilleoga na fearnóige. Itheann éin, go háirithe lasracha coille (Carduelis carduelis) agus meantáin, síolta na fearnóige díreach ón mbuaircín. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Galar Fungas An Fhearnóg Alnus glutinosa Galar eile a bhuaileann fearnóga is ea ‘teanga fhearnóige’, ionfhabhtú an fhungais Taphrina alni. Mar thoradh air seo, fásann gál (fásóg neamhghnáthach a bhíonn ar phlandaí) a bhreathnaíonn cosúil le teanga as torthaí glasa na fearnóige. Ní léir go ndéanann sé dochar don chrann fhéin, ach is aisteach an radharc iad na teangacha ag gobadh amach ó thoradh an chrainn. Blúiríní an phlanda seo → USAID-DISPLAY = ALL Ag taispeáint 81 blúiríní Úsáid Ceol Fidil An Mhailp Lochlannach Acer platanoides Cosúil leis an mhailp ( Acer campestre ), úsáidtear adhmad na mailpe Lochlannaí chun uirlisí ceoil a dhéanamh. Ceaptar gur as adhmad na mailpe Lochlannaí nó as adhmad na mailpe (Acer campestre) a rinne Antonio Stradivari na hIodáile na veidhlíní cáiliúla sa 17ú agus 18ú haois (d’úsáid sé sprús freisin). Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Adhmadóireacht An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Tá adhmad na leamhán láidir, marthanach agus éasca le hoibriú. Is focal sean-Bhéarla é wych a chiallaíonn solúbtha agus súpláilte. Chuige sin, bhí luach ard ar an adhmad mar gheall ar na tréithe seo. Tá an t-adhmad uiscefhriotaíoch, agus d’úsáidtí é chun píopaí uisce agus báid a dhéanamh, chomh maith le geataí loic ar chanálacha. Chuirtí leamháin ar bhruacha na Canála Ríoga chun adhmad a sholáthar le freastal ar an éileamh seo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Adhmadóireacht Píopaí An Crann Silíní Fiáin Prunus avium Tá an crann silíní fiáin ar cheann de na crainn chrua-adhmaid is luachmhara, ó thaobh adhmaid an chrainn de, ar domhan. Úsáidtear an t-adhmad crua, dlúth i bpainéaladh, in veinírí, in urláir iontlaise, i ndéantúsaíocht caibinéad, agus chun uirlisí fuaime a dhéanamh. Is as crann silíní go minic a dhéantaí (agus a dhéantar) píopaí tobac. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Feithidicíd An Donnroisc Prunus padus Úsáidtear an donnroisc mar fhál sceach é mar nach n-itheann mórán ainmhithe na duilleoga agus mar chrios foscaidh agus crios fuaimdhíonach mar go bhfásann sé go tapa agus mar go ndéanann sé clampaí móra. D’úsáidtí coirt an chrainn mar lotnaidicíd san am atá caite, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Pianmhúchán Frith-Athlastacha An tSaileach Bhán Salix alba Is í an tsaileach bhán is mó a sholáthar an ceimiceán salicin, pianmhúchan agus frith-athlastach, ach tá sé le fáil i ngach planda den ngéineas seo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Súdaireacht Fíoghual Spórt Leigheas Pianmhúchán An tSaileach Bhán Salix alba D’úsáidtí an tsaileach bhán ar fud na hEorpa chun pian a mhaolú mar gheall ar an salicin atá ann. Bhaintí úsáid as coirt an chrainn i gceird na súdaireachta freisin, agus dhéantaí fioghual as an adhmad an chrainn. Is as an gcineál saileach Salix alba var. caerulea a dhéantar an slacán cruicéid, chomh maith le huirlisí cistine agus canúnna. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fíoghual Súdaireacht An Chaithne Arbutus unedo Tá adhmad na caithne crua agus dlúthshnáitheach, ach briosc agus éasca le scoilteadh. Níl sé feiliúnach mar adhmad tógála, ach bhaintí úsáid as mar fhioghual, agus d’úsáidtí an choirt i gceird na súdaireachta. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Adhmadóireacht An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is iomaí úsáid a bhaintear agus a bhaintí as adhmad na fuinseoige. Tá adhmad láidir, crua ach éadrom, solúbtha, agus turraingfhriotaíoch ag an gcrann. Go stairiúil, ní raibh ach adhmad darach níos daoire ná adhmad na fuinseoige. Sula raibh cruach agus cóimhiotail eile fairsing, is as an bhfuinseog a dhéantaí frámaí carranna, báid, agus eitleáin. D’úsáidtí é le sleánna agus sciatha a dhéanamh, chomh maith le maidí rámha, cosa casúir, oird, agus oirnéisí eile. Tá snáithe díreach ag an adhmad, agus dath geal air, tréithe luachmhara chun veinír agus cláir urláir a dhéanamh. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Spórt An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is i ndéantúsaíocht camán is mó a bhaintear úsáid as an bhfuinseog in Éirinn, cé go n-úsáidtí adhmad an aitinn (Ulex europaeus) freisin, tráth den tsaol. Dúirt an scríbhneoir Seán Tóibin go fadbhreathnaitheach in 1967 gur “dóigh leis an lucht stiúrtha go rachaidh an iománaíocht ar ceal dá mbeadh gannchúis fuinseoige sa tír”. Le meath na fuinseoige déantar camáin anois as ábhar éagsúil amhail bambú, plaisteach, agus snáithín carbóin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Súdaireacht An Dair Ghallda Quercus robur Bhí na daracha tábhachtach i dtionscadal na súdaireachta. Déanann an súdaire cóireáil ar chraiceann ainmhithe ag úsáid ábhair plandaí ar leith—coirt, duilleoga, nó torthaí—chun an craiceann a athrú go leathar, ábhar atá marthanach agus atá in ann teas agus taise a sheasamh. Tarlaíonn an t-athrú seo mar gheall ar imoibriú ceimiceach a tharlaíonn idir collaigin (próitéin a bhíonn sa gcraiceann) agus tainnin, a bhíonn i gcodanna an chrainn. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dearcán An Dair Ghallda Quercus robur I mbliain mhaith, d’fhéadfadh crann darach amháin dóthain dearcán a sholáthar le muc a bheathú ar feadh bliana. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Truailliú Fítileasúchán An tSailchearnach Salix caprea Baintear úsáid as an tsailchearnach, agus saileacha eile, i bpróisis fhítileasúcháin. Is bealach é seo chun talamh atá truaillithe a ghlanadh. Cuirtear crainn saileacha le go ndéanfaidh siad miotail throma—go háirithe caidmiam (Cd) agus sinc (Zn)—agus ceimiceáin chontúirteacha eile a shú isteach sa gcrann. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fodar Ainmneacha An tSailchearnach Salix caprea Bhaintí leas as an tsailchearnach mar fhodar do bheithígh. Is caprea, a chiallaíonn gabhar sa Laidin, atá in ainm eolaíoch an phlanda, mar go gceaptar go dtugtaí duilleoga mar fhodar do ghabhair fadó. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Truailliú Fítileasúchán An Fhearnóg Liath Alnus incana Tá an fhearnóg liath agus an fhearnóg choiteann in ann fás i gcréafóg atá truaillithe ag miotail éagsúla. Tógann an crann na truailleáin isteach sna rútaí, agus ar an gcaoi seo ní éalaíonn siad isteach sa maoschlár. Baintear leas as an tréith seo chun talamh a bhí curtha ó mhaith ar chúiseanna éagsúla a mhíntíriú - tugtar fítileasúchán air. Mar shampla, cuirtear fearnóga ar thalamh a bhí in úsáid mar láithreán dramhaíola dó guail, nó ar thalamh a bhí loiscthe ag tinte foraoise. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceapadh Carbóin An Bheith Gheal Betula pendula Is í an bheith gheal is mó atá anois ag fás ar thalamh talmhaíochta tréigthe in oirthear na hEorpa agus sa Rúis. In ainneoin nach bhfástar bia ar an talamh níos mó, is mór an stór carbóin iad na crainn bheithe atá anois ag fás iontu. Tugtar ceapadh carbóin ar an gcaoi a shúnn crainn dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar le stóráil sa bplanda, agus is léiriú é seo ar ról tábhachtach na gcrann i ré nua an athrú aeráide. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Leigheas Frithailse Frith-Athlastacha An Bheith Gheal Betula pendula Is í an chomhdhúil betulin a thugann an dath bán do choirt na beithe gile. Tá sé ar cheann de na chéad substaintí nádúrtha a eascraíodh ó phlandaí. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithailse agus frith-athlastacha ag betulin, agus ceaptar go mbeadh sé éifeachtach chun cóir a chur ar shiada athlastacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fíoghual Púdar An Draighean Fearna Frangula alnus Déanann adhmad ón draighean fearna fioghual ar ardchaighdeán. Is as an bhfioghual sin a dhéantar púdar dubh a dhónn go tapa agus atá fós in úsáid i dtinte ealaíona agus i bhfiúsanna pléascacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú Ealaíon Páipéar An Paide Bréan Rhamnus cathartica Déantar ruaim bhuí do pháipéar as an gcoirt agus na torthaí réamhaibí a bhíonn ar an bpaide bréan, agus déantar ábhar datha glas, le húsáid ar phictiúir uiscedhatha, as na torthaí aibí. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht An tIúr Taxus baccata Tá ar a laghad 17 baile fearainn ina bhfuil “séipéal an iúir” san ainm. Ní fios cén fáth an nasc seo idir an chill agus an t-iúr. Ceaptar gur chuir manaigh na hiúir is sine i Sasana in aice lena gcuid ceall, seachas gur roghnaíodh suíomhanna ina raibh iúir ag fás cheana fhéin. B’fhéidir gur facthas go raibh spioradáltacht éigin ag baint leis an iúr. Is siombail neamhbhásmhaireachta an iúir—seans mar gur fadsaolaí iad. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht An tIúr Taxus baccata Tá cúiseanna praiticiúla ann go mbeadh iúr curtha in aice le séipéal, mar atá go leor acu. Is le linn aifrinn Dhomhnach an Iúir, a chuireann tús le seachtain na Cásca, a bhaintí an úsáid is mó as géaga an iúir. Bhaintí úsáid as craobhacha ó chrainn eile mura raibh an t-iúr fairsing sa gceantar—an t-aiteal in Árainn agus giúiseanna nó an péine Albanach i gConamara, agus cufróga éagsúla freisin. Is é adhmad an iúir a dhóitear go minic chun luaithreach a ghiniúint do Chéadaoin an Luaithrigh freisin. Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid Nimh Cogadh An tIúr Taxus baccata Tá sé ráite gur foinse adhmaid do bhoghanna a bhí sna hiúir a cuireadh in aice le séipéil. Chuireadh na Ceiltigh nimh an iúir ar a gcuid saighdeanna agus bhí dlí sa Mheánaois in Albain go gcaithfeadh iúr a bheith ag fás i ngach reilig paróiste, le go mbeadh dóthain nimhe acu i gcás cogaidh. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Arm Ainmneacha An tIúr Taxus baccata Toisc go bhfásann sé go mall, tá adhmad dorcha, donndhearg an iúir ar cheann de na bogadhmaid is dlúithe. Tá sé solúbtha freisin—is den tslat iúir a dhéantaí boghanna fada (ceaptar gur tháinig Taxus, in ainm eolaíoch an chrainn, ó taxon, focal Gréigis do bhogha), chomh maith le sleánna, feirce, agus claimhte. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Fidil An Mhailp Acer campestre Déantar uirlisí ceoil, cláirseacha agus veidhlíní ina measc (go háirithe cúil veidhlín), as adhmad na mailpe freisin. Ní fios go baileach cén speiceas de chrann a d’úsáid Antonio Stradivari chun a chuid veidhlíní clúiteacha, na stradivarii, a dhéanamh, ach is adhmad ó mhailp de chineál éigin a bhí ann—an mhailp nó an mhailp Lochlannach, ceaptar (chomh maith le hadhmad ó speicis eile crainn). Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Ceimiceáin An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Ceapadh i Sasana go gcuirfeadh na síolta a bhíonn ag an gcrann cnó capaill an ruaig ar fheithidí (leamhain agus damháin alla go háirithe). Freisin, d’úsáidtí na cnónna chun aicéatón a dhéanamh le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Dhéantaí coirdít, ábhar pléascach, as an aicéatón. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fodar Coire An Crann Creathach Populus tremula Thugtaí duilliúr an chrainn chreathaigh do bheostoc, agus aimsíodh coire mhór atá déanta as adhmad an chrainn i gContae Mhuineacháin in 1933. Tá sé anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Ceaptar gur sa gCré-umhaois Luath a rinneadh é. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Páipéar Lignin Bithmhais Fíoghual An Crann Creathach Populus tremula Déantar páipéar ar ardchaighdeán as an gcrann creathach mar nach bhfuil mórán lignine ann. Éiríonn páipéar briosc agus tagann dath buí air má bhíonn an iomarca lignine ann. Déantar cipíní solais, fioghual ar ardchaighdeán, agus bithmhais le dó (mar go bhfásann sé go tapa) as an gcrann creathach freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Bioráin Fearsaidí Sníomhadóireacht An Feoras Euonymus europaeus Is adhmad bán, an-chrua agus dlúth atá ag an bhfeoras agus is féidir bior an-ghéar a chur air. Bhaintí leas as na tréithe seo chun uirlisí a dhéanamh, amhail bioráin cniotála, bioranna fiacla agus fearsaidí le olann a chasadh i dtionscal na sníomhadóireachta. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Gréasaíocht An Feoras Euonymus europaeus Tugtar pegwood ar adhmad an fheorais freisin mar gur as a dhéantaí pionnaí don ghréasaíocht. Ceaptar go raibh roschoillte d’fheorais bunscoite in Éirinn tráth den tsaol chun freastal ar an éileamh a bhí ann don adhmad.Dhéantaí briogúin/sáite as an adhmad freisin, agus bhíodh an-tóir ag búistéirí ar na briogúin seo mar nach gcuireann an t-adhmad blas ar bith ar an bhfeoil—thugtaí 'skewerwood' ar an bhfeoras sa mBreatain. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Naigíní An Feoras Euonymus europaeus Dhéantaí naigíní as an bhfeoras i gContae Luimnigh. Is soithí ar nós bairillí beaga iad seo, na cláir adhmaid coinnithe le chéile le bandaí iarainn, le clár amháin fágtha níos faide le húsáid mar láimh. D’úsáidtí iad le bláthach nó le bainne a ól. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fíoghual Púdar An Feoras Euonymus europaeus Déantar fioghual ar ardchaighdeán —le húsáid ag ealaíontóirí — as adhmad an fheorais. Is ionann an t-ainm Fraincise don fheoras—‘fusain’—agus an t-ainm Fraincise d’fhiogual. Dar leis an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, is as adhmad an fheorais a dhéantar an fioghual d’ealaíontóirí is fearr. Dhéantaí púdar gunna as an bhfioghual freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú Alúm Dúch An Feoras Euonymus europaeus D’úsáidtí codanna an chrainn chun dathú a chur ar éadach. Faightear dath dearg ó na torthaí agus dath buí nó glas (má chuirtear alúm—aluminium sulphate—leis) ó na síolta. Dhéantaí dúch do ghasúir scoile as caora oráiste an fheorais i gCo. Mhaigh Eo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Tarra Stair An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Is féidir tarra a dhéanamh as coirt na beithe ach é a thriomú i dteas ard agus gan mórán aeir a scaoileadh chuige, próiseas ar a dtugtar turdhriogadh. Aimsíodh tarra beithe ar uirlisí cloiche i dTuscáin na hIodáile a rinneadh sa tréimhse Pléisticéineach (185–135,000 bliain ó shin). Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Innealra An Bheith Chlúmhach Betula pubescens bhaintí úsáid as an mbeith chun páirteanna d’innealra a dhéanamh i dtionscadal déantúsaíochta an chadáis sa mBreatain. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú Coirt An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Dhéantaí dathú as an mbeith. Is iondúil gur dath donn a chuirtí ar an olann le coirt na beithe, ach d’fhéadfaí dath dearg a bhaint as sraitheanna den choirt atá níos faide istigh sa gcrann. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Scuab An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Dhéantaí scuaba as an mbeith san am atá caite — cheanglaítí géaga ón mbeith agus ón bhfraoch le cois adhmaid agus d’úsáidtí seo le hurláir chréafóige na dtithe a scuabadh. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Sú Bheithe An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Déantar síoróip nó fíon as sú na beithe. Tá mianraí éagsúla sa sú seo—copar atá in ann tionchar dearfach a imirt ar an gcóras imdhíonachta, an córas atáirgthe, agus ar an gcraiceann, an ghruaig, agus na hingne. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Scuab An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Ciallaíonn scoparius, san ainm eolaíoch atá ar an ghiolcach shléibhe, 'scuab' agus d’úsáidtí géaga na giolcaí sléibhe chun urláir a scuabadh. Is uaidh seo a fhaigheann sé an t-ainm Béarla, broom. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht Bunscoitheadh An Coll Corylus avellana Ba mhór an tábhacht a bhí le crainn choill in Éirinn, go háirithe i dtionscal na caoladóireachta. Is féidir an coll a bhunscoitheadh—na géaga a ghearradh in íochtar, gar don talamh, le go bhfásfaidh meatháin ar ais níos tréine an bhliain dár gcionn. Bíonn géaga an choill láidir, solúbtha, agus éasca le scoilteadh. Is as caolach coille—ina mbíonn na géaga fite go dlúth lena chéile—a dhéantaí sconsaí chun ainmhithe a choinneáil istigh, chomh maith le díonta agus ballaí tí. Dhéantaí ciseoga, ciseáin, agus potaí gliomaigh as géaga coille. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht Bunscoitheadh An Coll Corylus avellana Ní gá go gcailltear crann má ghearrtar an stoc. Tá cineálacha crainn ann a fhásfaidh meatháin nua ón áit a ghearrtar iad. Is minic go mbíonn na meatháin seo caol, díreach, ar aon mhéid lena chéile agus an-úsáideach. Má ghearrtar na géaga seo gar don talamh, le himeacht aimsire fásfaidh meatháin nua ón stoc agus tosóidh an timthriall arís. Is bunscoitheadh a thugtar ar an gcleachtas seo. Is cleachtas ársa é seo atá linn ón tréimhse Neoiliteach.Is iomaí crann dúchasach in Éirinn a ghlacann le bunscoitheadh. Chomh maith leis an gcoll, dhéantaí é ar an tsaileach, an fhearnóg, an leamhán, an fhuinseog, an dair, an bheith agus an crann fia-úll. Blúiríní an phlanda seo → Inite Deoch Poitín Úsáid Cumhrán Bláthola An tAiteal Juniperus communis Déantar bláthola as na torthaí chomh maith—deirtear go bhfuil tréithe frithmhiocróbacha agus frithocsaídeora acu—a úsáidtear i gcócaireacht, i gcumhráin, agus i gcumhartheiripe. D'úsáidtí na caora chun blas a chur ar an bpoitín i dTír Chonaill. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Ainmhithe Ginmhillteán An tAiteal Juniperus communis Tá aigéad isocupressic san aiteal agus i mbuaircíneacha eile, amhail crainn phéine (Pinus spp.). Is cúis cailleadh lao é i mbeithígh, agus d'úsáideadh daoine caora an chrainn mar ghinmhillteán freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Deatach Poitín Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Dónn an adhmad an aitil go maith, agus bíonn deatach cumhraithe agus beagnach dofheicthe uaidh. Mar gheall air seo, dhóití an t-adhmad in stiléireacht aindleathacha in Albain—ceann de na cúiseanna go bhfuil an crann neamhchoitianta anois i nGarbhchríocha na tíre sin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Cheal ábhar eile, d’úsáidtí craobhacha aitil le linn searmanais Dhomhnach na Pailme (Domhnach an Iúir) in Árainn in ionad an iúir, nach raibh ag fás ar an oileán, agus d’fhulaing na crainn go mór dá thoradh. Ní raibh dé ar an bplanda in Inis Oírr in 1893 nuair a thug Nathaniel Colgan cuairt ar an oileán. Tá sé fós ag fás ar an dá oileán eile. Blúiríní an phlanda seo → Inite Peiteal Bláth Úsáid Cumhrán An Fheirdhris Rosa canina Tá peitil rósanna inite. Is féidir iad a úsáid i sailéid, i gcácaí agus i milseoga. Úsáidtear rósuisce, déanta as peitil dhriogtha, mar bhlasóir i ndeochanna éagsúla. Déantar cumhráin as bláthanna an róis, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gál Feithidí Úsáid Dúch An Dair Ghaelach Quercus petraea Tugadh an gálfhoiche Andricus kollari, a dhéanann gáil chrua sféaracha (tugtar gáil mharmaracha orthu), ón Meánoirthear go hÉirinn sna 1830idí le go bhféadfaí na gáil a úsáid le dathú agus i ndéantúsaíocht dúigh. Tá saolré casta ag na feithidí beaga seo agus bíonn speiceas eile den dair, an tsearbhdhair, ag teastáil uathu le gur féidir leo iomadú. Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid Bád An Dair Ghaelach Quercus petraea Tugann fad na mbád scaobtha, soithigh a bhí fairsing ar lochanna na hÉireann na mílte bliain ó shin, leid dúinn faoi mhéid na gcrann a bhí ag fás in Éirinn ag an am. Is as clár amháin darach a dhéantaí na báid seo. Aimsíodh bád in aice le Eadargúil, Contae na Gaillimhe atá 15m fada agus beagnach 4,000 bliain d’aois. Níl dair fágtha sa tír anois a bheadh in ann cláir a sholáthar chun bád scaobtha chomh fada sin. Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid An Dair Ghaelach Quercus petraea Is as dair a dhéantaí formhór an fhioghuail a bhí ag teastáil chun iarann a bhruithniú sular tosaíodh ar ghual a dhó. Thosaigh daoine ag bruithniú iarainn os cionn 2,000 bliain ó shin agus bhí an cheird fairsing ar an oileán seo—tá 79 foirnéis bhruithnithe ón Iarannaois aimsithe ag seandálaithe in Éirinn go dtí seo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fainic An Briúlán Rosa spinosissima Níor mhór mogóirí rósanna a scagadh go cúramach chun na síolta clúmhacha a ghearradh amach. Déantar púdar tochais as na síolta céanna mar gheall ar chomh dian ar an gcraiceann a bhíonn ribí gruaige na síolta. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Is mar ábhar caoladóireachta is mó a bhaintí úsáid as an saighleánach, cé gur iomaí speiceas, hibrid, agus saothróg a d’úsáidtí, agus a úsáidtear fós, i gceird na caoladóireachta. Sampla de sin is ea an fine basket osier (Salix x forbyana), hibrid den tsaighleánach, an tsaileach rua agus an tsaileach chorcra. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Go stairiúil, dhéantaí cléibh, ciseoga, ciseáin, potaí gliomaigh, agus neart rudaí eile le géaga ó shaighleánaigh. Cé gur mó éilimh a bhí ar an saighleánach i gceird na caoladóireachta, bhaintí úsáid as an gcoll, as fraoch, nó fiú as driseacha mura mbeadh an dara rogha ag an gcaoladóir. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis D’úsáidtí géaga solúbtha na saileach in go leor ceirdeanna difriúla—caoladóireacht, déantúsaíocht troscáin, chun currachaí a dhéanamh, agus go leor eile. Dhéantaí rópaí as coirt na saileach freisin. Thugtaí gad ar an rópa a dhéantaí as an saileach. Ba iad an saighleánach, an tsaileach chorcra, an tsaileach bhriosc, saileach na dtrí bhall, agus an tsaileach bhán is mó a d’úsáidtí don obair seo.[Tá rian na dtraidisiún so fós le feiceáil sna cineálacha saileach seo atá fós ag fás ar thaobh an bhóthair, i ngarrantaí, agus ar bhruacha aibhneacha. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Is minic a dhéantar tagairt don tsaileach dhubh i dtaifid faoin gcaoladóireacht in Éirinn. Ní Salix myrsinifolia, speiceas annamh ar a dtugtar an tsaileach dhubh, atá i gceist anseo. Is tagairt í an tsaileach dhubh do na saileacha dúchasacha sin nach mbaintí úsáid rialta astu i gceird na caoladóireachta. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Cosaint Nimh Úsáid Éarthach Feithidí Nimh An Trom Sambucus nigra Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, i nduilleoga agus i ngas an troim. Seachnaíonn feithidí an sceach agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí. Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú An Trom Sambucus nigra Rinneadh dathú gorm leis an trom. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Cruit Fidil An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Glacann adhmad an tseiceamóra go maith le gal-lúbadh, agus chuige sin is adhmad maith é chun veidhlíní a dhéanamh, i measc uirlisí ceoil eile. Cé gur iondúil go n-úsáidtí adhmad na saileach (Salix spp.) chun cruiteanna a dhéanamh, is as an seiceamóir atá cláirseach ársa a chas Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin déanta. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Foraoiseacht An Péine Albanach Pinus sylvestris Tugadh tús áite don Phéine Albanach nuair a bunaíodh seirbhís fhoraoiseachta in Éirinn in 1903, agus cuireadh lear mór den chrann idir sin agus 1950, nuair a laghdaíodh go mór an líon a bhí curtha sa tír. Tharla seo mar facthas go raibh an péine contórtach níos feilúnaí ar thalamh imeallach, agus go raibh an sprús Sitceach réidh le gearradh ag 35 bliain, seachas fanacht 50 bliain leis an bpéine Albanach. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Adhmadóireacht An Péine Albanach Pinus sylvestris Tugtar déil dhearg ar adhmad an phéine Albanaigh. Is bogadhmad geal é—is dath buí a bhíonn ar an gcroí-adhmad agus bíonn an t-adhmad taobh amuigh de sin níos gile. Cé go bhfuil adhmad an phéine seo ar an mbogadhmad is cruaite, bíonn caighdeán an adhmaid ag brath ar cé chomh tapa a d’fhás an crann. Is minic go mbíonn ailt san adhmad agus bíonn sé roisíneach freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Tarra Pic Bádóireacht An Péine Albanach Pinus sylvestris Faightear tarra péine nuair a dhéantar adhmad an phéine Albanaigh a dhriogadh—is é sin an t-adhmad a théamh (ach gan é a dhó) agus na gail a thagann as a chomhdhlúthú. Is as an tarra péine a dhéantar an substaint pic, a d’úsáidtí go forleathan i réimsí na bádóireachta agus na seoltóireachta chun adhmad agus seolta a chaomhnú. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ola Tarra Bláthola Cumhrán Leigheas Tarra Soiriáis Eachma Rosacea An Péine Albanach Pinus sylvestris Dhéantaí ola lampaí as tarra péine freisin. D’úsáidtí tarra péine mar leighis a bhreoiteachtaí craicne, soiriáis, eachma, agus rosacea san áireamh. Déantar blátholaí, a úsáidtear i gcumhartheiripe, chomh maith le mar chomhábhair i gcumhráin agus gallúnacha, as adhmad na péine freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Roisín Tuirpintín Feithidicíd An Péine Albanach Pinus sylvestris Is as an roisín a dhéantar tuirpintín freisin. Is iomaí táirge a dhéantar as tuirpintín—gliú, péint, tuaslagóirí, agus feithidicídí ina measc. Is as tuirpintín freisin a dhéantar an roisín (rosin) a úsáidtear chun bogha fidle a bhealú. Cé gur féidir tuirpintín a dhéanamh as roisín an phéine Albanaigh, tagann formhór de thuirpintín an domhain ó speiceas eile, Pinus palustris. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Adhmadóireacht An Cuileann Ilex aquifolium Tá adhmad an-gheal, trom, crua ag an gcuileann ach mar go bhfreangann sé nuair a thriomaíonn sé is minic nach n-úsáidtear é ach le rudaí beaga a dhéanamh. D’úsáidtí é le heochracha pianó a dhéanamh sular tosaíodh ag úsáid adhmaid éabainn, agus ansin plaisteach. Thugtaí rímhaide na coille air, agus dheirtí go scoiltfeadh ging den chuileann chuile chrann, ach nach scoiltfeadh ging de chrann ar bith é. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Gaistí An Cuileann Ilex aquifolium Dhéantaí glae glas (birdlime) as coirt an chuilinn, measctha le hola cnónna. Is substaint ghreamaitheach é a d’úsáidtí mar ghaistí chun éin a ghabháil. Chuir an t-Acht chun Éanacha Fiadhaine do Chaomhaint, 1930, deireadh leis an gcleachtas cruálach seo. Blúiríní an phlanda seo → Stair Bretha Comaithchesa Úsáid Fodar An Cuileann Ilex aquifolium Thugtaí duilleoga cuilinn do bheostoc mar fhodar geimhridh, i Sasana agus in Éirinn. Bhíodh garrán cuilinn ar fheirmeacha le freastal ar an éileamh seo, agus lean an cleachtas ar aghaidh go dtí an 18ú haois. Maítear go mb’fhéidir gur mar gheall air seo a áiríodh an cuileann mar cheann de huaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ginmhillteán An Roithleog Myrica gale D’úsáidtí duilleoga na roithleoige mar ghinmhillteán sa Fhrainc agus in áiteanna eile. Mar gheall air seo, moltar do mhná a bhíonn ag súil a bheith cúramach leis an bplanda agus le táirgí an phlanda. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí An Roithleog Myrica gale Bhíodh daoine sa gCríoch Lochlann ag úsáid na roithleoige go stairiúil chun an ruaig a chur ar fheithidí. Léiríonn staidéir le déanaí go gcuireann an ola seo pairilis ar mhíoltóga beaga an phortaigh agus go gcuireann sé an ruaig orthu. Tá sé chomh héifeachtach le DEET, an substaint atá comónta i dtáirgí tráchtála chun an ruaig a chur ar mhíoltóga beaga. Oibríonn sé in aghaidh seangán agus muiscítí freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Cumhrán An Roithleog Myrica gale Dhóití adhmad na roithleoige—ba bhuntáiste breise ab ea an boladh cumhraithe ón deatach agus an t-adhmad á dhó. D’úsáidtí an roithleog chun boladh cumhra a chur ar línéadach, agus chun leamhain a choinneáil uathu. Chuirtí é i leapacha in iarthar Chorcaí le ruaig a chur ar dhreancaidí. Ceaptar go mb’fhéidir go raibh an roithleog á húsáid mar dhíbholaíoch ag na Lochlannaigh. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Súdaireacht Dathú An Roithleog Myrica gale Cuireann coirt agus fréamhacha na roithleoige dath buí ar olann, agus úsáidtear é i gcoinnle freisin. Baineadh úsáid as an roithleog i dtionscal na súdaireachta, agus san 18ú haois bhronnadh Cumann Bhaile Átha Cliath duais ar an té ab fhearr a leasódh leathar leis an bplanda. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht An Roithleog Myrica gale Bhí géaga na roithleoige in úsáid san Aifreann ar Dhomhnach an Iúir in áiteanna ar leith in Éirinn. Bhí an úsáid chéanna á baint as géaga de roinnt crann agus sceacha eile, ag brath go minic ar céard a bhí ar fáil agus ag fás sa gceantar áitiúil. Is ó adhmad na roithleoige a déanadh an luaith do Chéadaoin an Luaithrigh in Acaill. Arís, b’fhéidir gur bhain sé níos mó leis an nganntan crann ar an oileán ná le haon bhuntáiste ar leith a bhí ag luaith na roithleoige thar aon phlanda eile. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Mil Nimh Leigheas Titimeas Craiceann An Róslabhras Rhododendron ponticum Tá nimh i neachtar an róslabhrais, ar a dtugtar grayanotoxin, atá in ann mil a thruailliú má bhailíonn meachain é. Tugtar mad honey ar an mhil, agus éiríonn daoine tinn (meadhrán, fís doiléir, vertigo, tinneas cinn, ag cur allais, lagú) má itheann siad é. Bhí a fhios ag daoine faoi sa gcianaimsir, agus bhí fios acu freisin gur chógas leighis a bhí ann do bhreoiteachtaí éagsúla—thitimeas agus breoiteachtaí craicne. Tá an mhil in ann meisce a chur ar dhaoine freisin agus tógtar sa Tuirc é mar dhruga áineasa, cé go bhfuil sí in ann a bheith marfach. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Barra Stair An tAiteann Gallda Ulex europaeus Shaothraítí an t-aiteann i gContae Chorcaí in 1810 — chuirtí é i rónna comhthreomhara, ag fágáil dóthain spáis idir na rónna le go bhféadfaí barraí eile a chur eatarthu. D’fhágtaí an t-aiteann ag fás ar feadh ceithre bliana nó go mbeadh sé 2m ar airde, agus ansin bhaintí é. Bhí móinéar aitinn — drochthalamh ina raibh aiteann curtha—ag beagnach chuile fheirmeoir. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Breosla An tAiteann Gallda Ulex europaeus D’úsáidtí adhmad aitinn mar bhreosla. Nuair a bhí an t-aiteann réidh le baint, loisctí an garraí chun an duilliúr agus na géaga beaga a dhó. Ní dhódh adhmad tiubh an aitinn le linn an loiscthe, agus bhaintí é ina dhiaidh le húsáid mar bhreosla. D’úsáideadh báicéirí, go háirithe, an breosla, ach dhóití i dtornóga aoil é agus bhaintí leas as mar bhreosla ginearálta, freisin. Is adhmad aitinn a dhóití chun brící a dhéanamh i Sasana. Tá saibhreas potaise i luaith aitinn, ábhar a úsáideadh i Sasana i ndéantúsaíocht gallúnaí, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fodar An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is mar fhodar do bheostoc—capaill agus beithígh—a d’úsáidtí go leor den aiteann a saothraíodh. Bhí an sceach shíorghlas seo in ann beathú a chur ar fáil i dtréimhse den bhliain nuair nach raibh mórán fáis eile ann. Cé go n-itheann ainmhithe na géaga óga glasa nuair a bhíonn siad bog, cruann na deilgní go tapa ar an bplanda agus seachnaíonn ainmhithe iad ina dhiaidh sin. Chun aiteann a úsáid mar fhodar, bhíodh sé le bualadh agus le brú chun na deilgní a mhaolú agus a bhriseadh. B’obair fhada, leadránach a bhí anseo — ba mhinic iad a bhrú i moirtéal cloiche ar feadh uaireanta fada an chloig. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Easair An tAiteann Gallda Ulex europaeus D'úsáidtí aiteann (chomh maith le tuí, luachair agus raithneach) mar easair—plandaí tirime a scaiptí ar urlár na gcróití, nó ar an talamh i gcúinne de gharraí, le compord a thabhairt d’ainmhithe agus iad ina luí. Bhaintí úsáid astu i gclósanna feirme freisin mar cuid den aoileach. Chaití ar thalamh an chlóis é, go háirithe in áiteanna a bhíodh fliuch nó cartaithe ag na hainmhithe, agus ligtí cead dó lobhadh. Dhéantaí carnáin de agus scaiptí sna garrantaí é (agus ar na fataí) de réir mar a bhí sé ag teastáil. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Spórt Camán Glanadh Potaí Bádóireacht An tAiteann Gallda Ulex europaeus Ghlantaí simléir agus toibreacha le craobhacha aitinn. Dhéantaí camáin as adhmad aitinn freisin — thugtaí 'spaic' nó 'spaic aitinn' ar an gcamán. Is iondúil gur píosa den bhfréamh le cor ann a d’úsáidtí. D’ úsáidtí adhmad aitinn in íochtar potaí gliomaigh freisin. Is as an saighleánach a dhéantaí an chuid eile den phota. D’úsáidtí adhmad aitinn le crogaí na gcurrachaí a dhéanamh freisin (leagtar an maide rámha anuas ar na crogaí agus is orthu a chasann siad). Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Duilleog Tabac Leigheas Peitil Duilleog Buinneach Ainéime An Draighean Prunus spinosa Dhéantaí tae, síoróip agus sú as na peitil agus thógtaí é mar chógas leighis do bhuinneach, ainéime, agus breoiteachtaí eile. Chaití duilleoga triomaithe an draighin in ionad tobac i gContae Cheatharlach. Thugtaí Irish Tea air. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Sainaithint Stair An Draighean Prunus spinosa Is as adhmad an draighin a dhéantaí maidí siúil (an tsail éille, cé nárbh as an tsaileach (Salix spp.) a bhí siad déanta go minic). Dhéantaí bataí den draighean, agus d’úsáidtí iad le linn faicseanaíochta. Chlúdaítí le him iad agus chuirtí sa simléir iad le go dtiocfadh an dath dubh orthu. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Cé nach adhmad d’ardchaighdeán atá ag an tsaileach—tá sé bog, éadrom, agus solúbtha—bhí sé fairsing agus éasca le fás. Chuige sin, b’iomaí úsáid a bhaintí as adhmad ó chrann a bhí chomh flúirseach. D’úsáidtí é chun cruiteanna a dhéanamh in Éirinn go dtí an 19ú haois. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ceimiceáin Úsáid Garraíodóireacht An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is furasta do shaileacha iomadú — ní gá ach géag shailí a shá sa talamh agus déanfaidh sí crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a dhíoltar in ionaid gharraíodóireachta mar shubstaint spreagtha fréamhacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Pianmhúchán Frith-Athlastacha An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Ar feadh na mílte bliain, bhí an-tóir mar acmhainn leighis ar chrainn i ngéineas na saileach, agus tá údar maith leis sin. Cé gur san airgead luachra ( Filipendula ulmaria ) a aimsíodh an t-aigéad salaicileach, frítheadh an ceimiceán céanna i sú agus i gcoirt na saileach, agus is mar gheall air seo a tugadh salicin air. Is ón gceimiceán seo a dhéantar aspairín, pianmhúchán agus druga frith-athlastach neamhstéaróideach. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Bróga An Fhearnóg Alnus glutinosa Ní lobhann adhmad na fearnóige go héasca nuair a bhíonn sé fliuch, agus mar sin d’úsáidtí é i mbáid, i loc-chomhlaí i gcanálacha, gradhanna cósta, agus mar phíopaí uisce. Is as adhmad fearnóige a dhéantaí sálaí na bpaitíní (bróga adhmaid) in Éirinn go deireadh an 19ú haois. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú An Fhearnóg Alnus glutinosa Bhídís ag úsáid fearnóga le héadach a dhathú in Éirinn, agus is iomaí dath a chuireann codanna an chrainn seo ar fáil. Cuireann an choirt dath dearg nó dubh ar éadach, faightear dath glas ó na caitíní, agus dath buí ó na géaga óga. Blúiríní an phlanda seo →