An Feoras
Euonymus europaeus
Níl mórán eolais againn faoi stair an fheorais in Éirinn mar nach bhfásann an crann in ithir aigéadach, agus mar sin níl taifead pailine de sna portaigh. Ach, aimsíodh taifid den chrann i sil-leagan atá idir 9,200 go 7,000 bliain d’aois, a thugann le fios go raibh an planda in Éirinn le fada an lá. Níl aon taifead den chrann sa mBreatain níos luaithe ná 5,500 bliain ó shin.