An Caorthann
Sorbus aucuparia
In Éirinn, d’úsáidtí duilleoga an chaorthainn, fiuchta in uisce, chun na scoilteacha a mhaolú, agus deirtear go raibh deatach na nduilleog dóite go maith don phlúchadh.Thógtaí an choirt do chasacht, agus na duilleoga mar cheirín do shúile tinne, agus d’ití na caora le fáil réidh le péisteanna.