An Fhearnóg
Alnus glutinosa
Is planda moinéiciach í an fhearnóg—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna fada agus titeann siad anuas ón ngéag. Bíonn dath buí orthu san Earrach. Bíonn na caitíní baineanna glas nuair a bhíonn siad óg, agus dubh nuair a thagann siad chun aibíochta. Tagann bláthanna ar na caitíní idir Feabhra agus Aibreán (cé go mbíonn siad forbartha ó fhómhar na bliana roimhe sin.