An Gabhrán
Clematis vitalba
Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis.