An Castán
Castanea sativa
Tá dhá chrann castáin ag fás in áit ar a dtugtar Cranmore, ar Bhóthar Uí Mhaoileoin i ndeisceart Bhéal Feirste. Thugtaí Orange Grove ar an áit roimhe sin mar go ndeirtí go raibh na castáin atá ann chomh mór sin, in 1690, go raibh Liam Oráiste in ann foscadh a thabhairt dá chapaill fúthu. Ba leis an luibheolaí aitheanta, John Templeton (1766-1825), an suíomh ina dhiaidh sin. Bhí sé báúil do na hÉireannaigh Aontaithe agus d’athraigh sé ainm na háite ó Orange Grove go Cranmore (Crann Mór).