An Bheith Gheal
Betula pendula
Is í an chomhdhúil betulin a thugann an dath bán do choirt na beithe gile. Tá sé ar cheann de na chéad substaintí nádúrtha a eascraíodh ó phlandaí. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithailse agus frith-athlastacha ag betulin, agus ceaptar go mbeadh sé éifeachtach chun cóir a chur ar shiada athlastacha.