An Feoras
Euonymus europaeus
Itheann lonta dubha agus spideoga na torthaí. Bíonn dúil acu i bhfeoil an arail agus scaiptear an síol dá bharr. Ach ní itheann glasáin iad, mar gur síolta a bhíonn uathusan agus aithníonn siad go bhfuil síolta an fheorais nimhneach. Tá na torthaí marfach do chaoirigh freisin, agus ní itheann ainmhithe (seachas gabhair) na duilleoga ach an oiread. Itheann lucha an t-aral, ach fágann siad an síol ina ndiaidh.