An Fhearnóg
Alnus glutinosa
D’úsáidtí coirt na fearnóige chun faithní a leigheas i gCo. na Gaillimhe. Bhí an úsáid chéanna á baint as an bhfearnóg i Sasana—sa gcás sin bhailídís an líon céanna bachlóga ón gcrann agus a bhí faithní le leigheas agus chuiridís sa talamh iad. Ní léir go bhfuil aon cheo speisialta sa bhfearnóg chun faithní a leigheas — is iomaí planda eile atá luaite mar leigheas d’fhaithní - an crann creathach, an fhéithleog (Lonicera periclymenum) , an fhuinseog, agus an draighean (Prunus spinosa) ina measc.