An Fhearnóg
Alnus glutinosa
Luaitear an fhearnóg mar leigheas ar bhreoiteachtaí éagsúla—mar shampla, go raibh an choirt go maith do dhó craicne. B’fhéidir go raibh údar maith ag daoine codanna den fhearnóg a úsáid mar seo. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithmhiocróbach ag an bplanda a chuidíonn leis an gcorp cneasú.Tá comhdhúile athlastacha faighte sa bhfearnóg, freisin, a d’fhéadfadh cabhrú le raon leathan breoiteachtaí.