An Feoras
Euonymus europaeus
Is mar gheall ar thorthaí an fheorais a bhfuil cáil ar an sceach seo. Is mar chapsúl glas le ceithre lóba a thosaíonn siad ag fás, sula dtagann scáil de mhaigeanta agus bándearg, dathanna nach bhfuil le feiceáil ar aon phlanda eile, ar na torthaí. Osclaíonn an capsúl seo idir Meán Fómhair agus Mí na Samhna chun arail oráiste na síolta a nochtadh.