An Fhearnóg Iodálach
Alnus cordata
Is sna duilleoga is mó gur féidir na difríochtaí a fheiceáil idir an fhearnóg choiteann agus an fhearnóg Iodálach. Bíonn dromchla uachtarach dhuilleoga na fearnóige Iodálaí lonrach agus bíonn dath glas geal orthu — i gcodarsnacht le dath neamhlonrach, níos dorcha na fearnóige coitinne.