Pábháil Aolchloiche

Cuimsíonn an phábháil aolchloiche atá sa mBoireann i gContae an Chláir agus i bpáirteanna de Chontae na Gaillimhe cuid de na gnáthóga is uathúla in Éirinn. Cé go bhfuil siad ar na gnáthóga is cruaite in Éirinn, faightear anseo cuid den bhithéagsúlacht is saibhre sa tír.

Is anseo a fhásann plandaí atá compordach in ithir aigéadach, cosúil leis an bhfroach mór, in aice le plandaí nach bhfásann ach in ithir alcaileach. Ní choinníonn na leacracha aolchloiche uisce, agus níl foscadh ón ngaoth ná scáth ón ngrian ann. Ach in ainneoin sin, nó b’fhéidir mar gheall air sin, níl a shárú le fáil in Éirinn ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is anseo a fhásann plandaí na Meánmhara taobh le taobh le plandaí artacha.

Is iarsma den oighearaois í an leaithín, nó feasóg na laoi agus fásann lus na stalóg ar thundra na Sibéire chomh maith le thaobh sléibhe Cheann Boirne. Tá an dúchosach, raithneach álainn, fairsing i gceantar na Meánmhara, mar atá garbhlus na Boirne.

Ach tá cáil ar leith ar an mBoireann mar gheall ar éagsúlacht na magairlíní a fhásann ann. Tá cuid acu seo, cosúil leis an magairlín glas, agus an cuaichín dearg, ar chuid de na speicis is annaimhe in Éirinn.

Plandaí ar Phábháil Aolchloiche

Similar Posts