Sceacha
Is iondúil go dtugtar sceach ar phlanda íseal (faoi bhun timpeall 5 mhéadar) agus ilstocach. Is ilbhliantóga adhmadacha iad, is é sin planda nach gcríonann siar sa ngeimhreadh, ach go mbíonn gais agus géaga adhmadacha le feiceáil i gcaitheamh na bliana.
Má ghlactar leis an sainmhíniú sin, is iomaí sceach atá ag fás in Éirinn. Is sceach é an róslabhrás (Rhododendron ponticum), an chaor chon (Virburnum opulus), agus an roithleog (Myrica gale). Ach is sceacha freisin iad na cineálacha fraoigh atá ag fás ar an bportach, chomh maith le plandaí beaga bídeacha, amhail lus na stalóg (Arctostaphylos uva-ursi) agus leaithín na Boirne (Dryas octopetala).
Go deimhin, is sceacha iad na driseacha (Rubus fruticosus) deilgneacha a thugann sméara dubha blasta dúinn sa samhradh. Fásann na gais sa gcéad bhliain, maireann siad os cionn talún sa ngeimhreadh, agus tagann bláthanna agus torthaí orthu sa dara bliain. Críonann an gas siar (faigheann sé bás) ina dhiaidh sin, ach cuireann na fréamhacha gais nua aníos bliain i ndiaidh bliana.
Ach ní áirítear an ghlúineach bhiorach (Reynoutria japonica) i measc na sceach. Cé go bhfeictear géaga arda agus duilleoga móra an phlanda seo i ngarrantaí agus ar leataobh an bhóthair sa samhradh, críonann sí siar sa ngeimhreadh—cailltear gach a raibh os cionn na talún, cé go mbíonn na fréamhacha beo, agus cuireann siad meatháin nua aníos arís an bhliain dár gcionn.