An Fhearnóg Liath
Alnus incana
Tá an fhearnóg liath agus an fhearnóg choiteann in ann fás i gcréafóg atá truaillithe ag miotail éagsúla. Tógann an crann na truailleáin isteach sna rútaí, agus ar an gcaoi seo ní éalaíonn siad isteach sa maoschlár. Baintear leas as an tréith seo chun talamh a bhí curtha ó mhaith ar chúiseanna éagsúla a mhíntíriú - tugtar fítileasúchán air. Mar shampla, cuirtear fearnóga ar thalamh a bhí in úsáid mar láithreán dramhaíola dó guail, nó ar thalamh a bhí loiscthe ag tinte foraoise.