An Feoras
Euonymus europaeus
Is adhmad bán, an-chrua agus dlúth atá ag an bhfeoras[6] agus is féidir bior an-ghéar a chur air. Bhaintí leas as na tréithe seo chun uirlisí a dhéanamh, amhail bioráin cniotála, bioranna fiacla agus fearsaidí le olann a chasadh i dtionscal na sníomhadóireachta.