An Sceach Gheal
Crataegus monogyna
Ceaptar go raibh baint ag boladh na mbláthanna leis an mí-ádh a bhí leis an sceach gheal. Is trímheitiolaimín sna bláthanna—an ceimiceán a chruthaítear nuair a lobhann éisc agus feoil—is cúis leis an mboladh ar leith atá ag na bláthanna. I Londain, rinne daoine comparáid idir an drochbholadh seo agus an galar marfach, an bholgach. In ainneoin an bholaidh, thabharfadh daoine in Éirinn na bláthanna isteach sa teach ar Lá Bealtaine agus choinnídís ann iad ar feadh míosa. Ar Lá Bealtaine, freisin, shádh siad géaga na sceiche gile i gcréafóg na ngarrantaí chun na barraí a chosaint.