An Feoras
Euonymus europaeus
Tugtar pegwood ar adhmad an fheorais freisin mar gur as a dhéantaí pionnaí don ghréasaíocht. Ceaptar go raibh roschoillte d’fheorais bunscoite in Éirinn tráth den tsaol chun freastal ar an éileamh a bhí ann don adhmad.Dhéantaí briogúin/sáite as an adhmad freisin, agus bhíodh an-tóir ag búistéirí ar na briogúin seo mar nach gcuireann an t-adhmad blas ar bith ar an bhfeoil—thugtaí ‘skewerwood’ ar an bhfeoras sa mBreatain.