An Sceach Gheal
Crataegus monogyna
Is ag fás leo féin a bhíodh crainn go minic mar go raibh faitíos ar dhaoine iad a ghearradh. Bhí draíocht agus siombalachas an chrainn chomh mór in aigne an phobail gur cuireadh bóithre nua ar mhalairt treo chun gearradh na gcrann a sheachaint.